CUID 19
Tairngreacht Fhorleathan Íosa
Déanann Íosa tairngreacht faoi ghnéithe a bhaineann lena láithreacht mar Rí agus le laethanta deireanacha an reachta seo
AR Chnoc na nOlóg agus radharc breá ar Iarúsailéim agus ar a theampall thíos fúthu, cheistigh ceathrar dá chuid aspal Íosa go phríobháideach faoi roinnt dá chuid ráitis. Bhí Íosa díreach tar éis a rá go scriosfaí an teampall in Iarúsailéim. Agus roimhe sin, d’inis sé dóibh faoi laethanta deireanacha an reachta seo. (Matha 13:40, 49) Anois d’fhiafraigh na haspail de cén uair a tharlódh na rudaí seo agus céard a bheadh mar chomhartha ar a láithreacht agus ar laethanta deireanacha an reachta seo.—Matha 24:3.
Ina fhreagra, d’inis Íosa dóibh céard a tharlódh sula scriosfaí Iarúsailéim. Ach bhí brí níos forleithne ná sin lena chuid cainte. Níos déanaí, chomhlíonfaí a thairngreacht ar scála níos mó ar fud an domhain. Thuar Íosa go dtarlódh eachtraí agus cúinsí domhanda a bheadh ina gcomhartha ilchodach. Léireodh an comhartha sin do dhaoine ar an talamh go raibh láithreacht Íosa mar Rí sna flaithis tosaithe. Sé sin le rá, thabharfadh an comhartha sin le fios go raibh Dia tar éis Íosa a cheapadh mar Rí ar an Ríocht a bhí geallta le fada—an Ríocht Mheisiasach. Chiallódh an comhartha go raibh an Ríocht ar tí deireadh a chur le holc agus fíorshíocháin a chur i réim i measc an chine dhaonna. Bheadh na rudaí a thuar Íosa ina gcruthúnas go raibh laethanta deireanacha an tseanreachta linn—deireadh leis na córais reiligiúnacha, polaitiúla agus sóisialta atá ann faoi láthair—agus tús á chur le reacht nua.
Ag míniú céard a tharlódh ar an talamh le linn a láithreacht mar Rí sna flaithis, dúirt Íosa go mbeadh cogaí idirnáisiúnta ann, ganntanas bia, creathanna talún agus galar forleathan. Thiocfadh borradh faoin aindlí. Chraobhscaoilfeadh fíordheisceabail Íosa dea-scéala Ríocht Dé ar fud an domhain. Shroichfeadh na heachtraí seo a mbuaic le “trioblóid mhór” nach raibh a leithéid riamh cheana ann.—Matha 24:21.
Cén chaoi a mbeadh a fhios ag lucht leanúna Íosa go raibh an trioblóid mhór sin gar? “Foghlaimígí ón gcrann fígí,” a dúirt Íosa. (Matha 24:32) Nuair a thagann duilleoga ar chraobhacha an chrainn fígí, is comhartha soiléir é go bhfuil an samhradh gar. Mar an gcéanna, nuair a tharlódh na rudaí ar fad a thuar Íosa, i dtréimhse ama amháin, is comhartha soiléir a bheadh ann go bhfuil an deireadh i ngar. Is ag an Athair amháin a bheadh fios cén lá agus cén uair go díreach a thosódh an trioblóid mhór. Dá bhrí sin, is mar seo a spreag Íosa a dheisceabail: “Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann.”—Marcas 13:33.
—Bunaithe ar Matha caibidil 24 agus 25; Marcus caibidil 13; Lúcás caibidil 21.
a Tá tuilleadh eolais faoi thairngreacht Íosa le fáil i gcaibidil 9 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla? atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.