Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 87 lth. 204-lth. 205 alt 3
  • Suipéar Deireanach Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Suipéar Deireanach Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • I Seomra Thuas-staighre
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Beathaíonn Íosa na Mílte Duine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 87 lth. 204-lth. 205 alt 3
Íosa agus aon aspal déag le linn Suipéar an Tiarna

CEACHT 87

Suipéar Deireanach Íosa

Dhéanadh na Giúdaigh ceiliúradh ar Cháisc na nGiúdach gach bliain ar an 14ú lá de mhí Níosán. Chuirfeadh sé seo i gcuimhne dóibh gur shaor Iehova ón sclábhaíocht san Éigipt iad agus gur thug sé go dtí an Tír Tairngire iad. Sa mbliain 33 CR, cheiliúr Íosa agus a chuid aspal Cáisc na nGiúdach i seomra in Iarúsailéim. Ag deireadh an bhéile dúirt Íosa: ‘Tá duine agaibh chun mé a bhrath.’ Baineadh geit as na haspail agus cheistigh siad Íosa: ‘Cé againn é?’ Dúirt Íosa: ‘An fear a dtabharfaidh mé an t-arán seo dó.’ Ansin thug sé an píosa aráin d’Iúdás Isceiriót. D’éirigh Iúdás agus d’fhág sé an seomra láithreach.

Dúirt Íosa paidir, ansin bhris sé an t-arán agus roinn sé ar an 11 aspal é. Dúirt sé: ‘Ithigí an t-arán seo. Seasann sé do mo chorp a thabharfaidh mé ar bhur son.’ Ansin thóg sé an fíon, ghuigh sé agus thug dá chuid aspal é. Dúirt sé: ‘Ólaigí an fíon seo. Seasann sé do mo chuid fola, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh. Geallaim daoibh go mbeidh sibh ag rialú mar ríthe liomsa sna flaithis. Déanaigí é seo gach bliain i gcuimhne ormsa.’ Go dtí an lá atá inniu ann, tá sé de nós ag lucht leanúna Íosa bás Íosa a chomóradh ar chothrom an lae sin gach bliain. Tugtar Suipéar an Tiarna ar an gceiliúradh seo.

Nuair a bhí an suipéar thart, thosaigh na haspail ag argóint eatarthu féin faoi cé acu ba thábhachtaí. Ach dúirt Íosa leo: ‘Is é an té atá sásta freastal a dhéanamh ar an gcuid eile agaibh, an té is tábhachtaí in bhur measc.

‘Is sibhse mo chairde. Gach ar chuala mé ó m’Athair, d’inis mé daoibh é. Is gearr go mbeidh mé ag dul go dtí m’Athair ar neamh. Beidh sibhse ag fanacht anseo, agus beidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile. Caithfidh sibh grá a bheith agaibh dá chéile díreach mar atá grá agamsa daoibhse.’

Ar deireadh, dúirt Íosa paidir inar iarr sé ar Iehova a chuid deisceabail a chosaint. D’iarr sé ar Iehova cabhrú leo oibriú le chéile go síochánta. Ghuigh sé go naomhófaí ainm Dé. Ansin chan Íosa agus a chuid deisceabail amhráin mholta d’Iehova agus chuaigh siad amach taobh amuigh. Ba ghearr go mbeadh Íosa á ghabháil.

“Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.”—Lúcás 12:32

Ceisteanna: Céard a gheall Íosa do na haspail? Cé na ceachtanna tábhachtacha a mhúin Íosa do na haspail ag an suipéar deireanach a bhí acu le chéile?

Matha 26:20-30; Lúcás 22:14-26; Eoin 13:1, 2, 26, 30, 34, 35; 15:12-19; 17:3-26

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn