Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 83 lth. 194-lth. 195 alt 1
  • Beathaíonn Íosa na Mílte Duine

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Beathaíonn Íosa na Mílte Duine
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Arán Curtha ar Fáil go Míorúilteach
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
  • Beathaíonn Íosa Slua Mór
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Suipéar Deireanach Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Siúlann Íosa ar an Uisce
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 83 lth. 194-lth. 195 alt 1
Roinneann na haspail an bheatha ar an slua mór

CEACHT 83

Beathaíonn Íosa na Mílte Duine

Díreach roimh Cháisc na nGiúdach sa mbliain 32 CR, d’fhill na haspail ó thuras craobhscaoilte agus iad tuirseach. Thug Íosa go Béatsáide i mbád iad chun go mbeidís in ann a scíth a ligean. Ach nuair a tháinig an bád in aice an chladaigh bhí na mílte duine ann rompu. Cé go raibh Íosa ag iarraidh am a chaitheamh lena chuid aspal, chuir sé fáilte chroíúil roimh na daoine. Leigheas sé na daoine a bhí tinn agus thosaigh sé ag múineadh. Chaith sé an lá ag múineadh dóibh faoi Ríocht Dé. Le teacht an tráthnóna, tháinig na haspail chuige ag rá: ‘Chaithfeadh sé go bhfuil ocras ar na daoine. Scaoil leo go bhfaighidh siad greim le hithe.’

Tugann buachaill ciseán ina bhfuil 5 bhuilín agus 2 iasc d’Íosa

Dúirt Íosa: ‘Ní gá dóibh imeacht. Tugaigí rud éigin le hithe dóibh anseo.’ D’fhiafraigh na haspail: ‘An bhfuil tú ag iarraidh orainne a dhul agus arán a cheannach dóibh?’ Dúirt an t-aspal Pilib: ‘Dá mbeadh go leor airgid againn fiú, ní bheadh muid in ann a ndóthain aráin a cheannach chun an tslua seo a bheathú.’

D’fhiafraigh Íosa: ‘Cé mhéad bia atá againn?’ D’fhreagair Aindrias: ‘Tá chúig bhuilín againn agus dhá iasc. Ach níl ár ndóthain ansin.’ Dúirt Íosa: ‘Tabhair chugam an t-arán agus an t-iasc.’ Dúirt sé leis na daoine suí ar an bhféar ina ngrúpaí de chaoga agus de chéad. Thóg Íosa an t-arán agus an t-iasc, d’fhéach sé suas chun na bhflaitheas agus ghuigh sé. Ansin thug sé an bia do na haspail, agus roinn siadsan amach ar na daoine é. D’ith an 5,000 fear, na mná agus na páistí go dtí go raibh siad sách. Ina dhiaidh sin, bhailigh na haspail an fuílleach agus níor cuireadh dada amú. Líon siad 12 chiseán! Nárbh iontach an mhíorúilt a bhí ansin?

Chuaigh an mhíorúilt seo chomh mór sin i gcion ar na daoine is go raibh siad ag iarraidh rí a dhéanamh d’Íosa. Ach bhí a fhios ag Íosa nárbh é seo an t-am a bhí leagtha amach ag Iehova dó le bheith ina rí. Mar sin scaoil sé leis an slua agus dúirt sé leis na haspail a dhul anonn go dtí an taobh thall de Mhuir na Gailíle. Chuaigh siadsan isteach sa mbád, agus chuaigh Íosa suas an sliabh ina aonar. Cén fáth? Mar bhí sé ag iarraidh labhairt lena Athair go príobháideach. Cé go raibh Íosa cruógach, rinne sé am i gcónaí le labhairt lena Athair.

“Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh.”—Eoin 6:27

Ceisteanna: Cén chaoi ar léirigh Íosa go raibh cion aige ar dhaoine? Céard a mhúineann sé seo dúinn faoi Iehova?

Matha 14:14-22; Lúcás 9:10-17; Eoin 6:1-15

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn