Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 84 lth. 196-lth. 197 alt 4
  • Siúlann Íosa ar an Uisce

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Siúlann Íosa ar an Uisce
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Long Bhriste ar Oileán
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Beathaíonn Íosa na Mílte Duine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 84 lth. 196-lth. 197 alt 4
Íosa ag siúl ar an uisce agus é ag rá le Peadar a theacht ina threo

CEACHT 84

Siúlann Íosa ar an Uisce

Ní hé amháin go raibh Íosa in ann na daoine tinne a leigheas agus na mairbh a thógáil ón mbás, ach bhí smacht iomlán aige ar an aimsir. Tar éis dó a bheith ag guí ar an sliabh, d’fhéach Íosa síos ar Mhuir na Gailíle agus chonaic sé go raibh sé ina stoirm. Bhí a chuid aspal ina mbád agus iad ag iomramh go hanróiteach in aghaidh na gaoithe. Chuaigh Íosa síos agus shiúil sé ar an uisce i dtreo an bháid. Nuair a chonaic na haspail go raibh duine éigin ag siúl ar an uisce bhuail eagla iad. Ach dúirt Íosa leo: ‘Ná bíodh eagla oraibh, is mise atá ann.’

Íosa ag siúl ar an uisce agus é ag rá le Peadar a theacht ina threo

D’fhreagair Peadar: ‘A Thiarna, más tú atá ann, abair liom a theacht chugat ar bharr an uisce.’ Dúirt Íosa le Peadar: ‘Tar chugam.’ Chuaigh Peadar amach as an mbád i lár na stoirme, agus shiúil sé ar an uisce i dtreo Íosa. Ach nuair a tháinig Peadar níos gaire d’Íosa, chonaic sé chomh garbh is a bhí an aimsir. Bhuail eagla é agus thosaigh sé ag dul faoin uisce. Scread sé amach: ‘A Thiarna, sábháil mé!’ Rug Íosa ar lámh air ag rá: ‘Cén fáth ar tháinig amhras ort? Cá bhfuil do chreideamh?’

Chuaigh Íosa agus Peadar isteach sa mbád agus stop an stoirm láithreach. Meas tú cén chaoi ar mhothaigh na haspail? Dúirt siad: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”

Níorbh é seo an t-aon uair ar smachtaigh Íosa an aimsir. Uair eile nuair a bhí Íosa agus na haspail ag seoladh trasna na farraige, chuaigh Íosa a chodladh i ndeireadh an bháid. Nuair a bhí sé ina chodladh, d’ardaigh stoirm. Bhí na tonnta ag greadadh in aghaidh an bháid agus thosaigh an bád ag tógáil uisce. Dhúisigh na haspail Íosa, agus bhéic siad: ‘A Thiarna, sábháil ón mbás muid! Cabhraigh linn!’ D’éirigh Íosa ina sheasamh agus dúirt sé leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Chiúnaigh an fharraige agus an ghaoth láithreach. D’fhiafraigh Íosa de na haspail: ‘Cá bhfuil bhur gcreideamh?’ Dúirt siad lena chéile: ‘Déanann an ghaoth agus an fharraige iad féin, mar a ordaíonn sé.’ Thuig na haspail ansin nár ghá dóibh eagla a bheith orthu roimh aon ní ach muinín a chur in Íosa.

“Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.”—Salm 27:13

Ceisteanna: Cén fáth ar thosaigh Peadar ag dul faoin uisce? Céard a d’fhoghlaim na haspail ó Íosa?

Matha 8:23-27; 14:23-34; Marcas 4:35-41; 6:45-52; Lúcás 8:22-25; Eoin 6:16-21

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn