SCÉAL 112
Long Bhriste ar Oileán
FÉACH! Tá an bád i dtrioblóid! Tá sé ag briseadh in phíosaí! An bhfeiceann tú na daoine ag léim isteach san uisce? Tá cuid acu ag snámh go dtí an trá. An é sin Pól ansin? Féachaimis céard a bhí ag tárlú do le tamall.
Ar feadh dhá bhliain coinnítear Pól mar phríosúnach i Céasaráia. Ansin cuirtear é féin agus roinnt príosúnaigh eile ar bhád atá ag dul go dtí an Róimh. Ag dul thar oileán Chréit dóibh buaileann stoirm iad. Séideann an ghaoth chomh láidir sin nach bhfuil na fir in ann an bád a stiúradh. Ní bhíonn siad in ann an ghrian a fheiceáil sa lá ná na réalta san oíche. Tar éis mórán laethanta ní bhíonn aon dóchas fágtha acu go sábhálfar iad.
Ansin seasann Pól suas agus deireann sé: ‘Ní chaillfidh duine amháin agaibh bhur mbeatha; ní chaillfear ach an bád. Mar aréir tháinig aingeal Dé chugam agus dúirt sé: “Ná bíodh eagla ort, a Phóil! Caithfidh tú seasamh ós comhair an rialtóir Céasar. Agus sábhálfaidh Dia gach duine atá ag seoladh in éineacht leat.”’
Timpeall an mheánoíche ar an ceathrú lá déag den stoirm, tugann na máirnéalaigh faoi deara nach bhfuil an t-uisce chomh doimhin! Le faitíos go rithfidís ar na carraigeacha sa dorchadas, caitheann siad amach ancairí. An mhaidin dar gcionn feiceann siad cuan. Beartaíonn siad an bád a sheoladh suas ar an trá ansin.
Nuair a bhíonn siad gar don chladach, buaileann an bád oitir ghainimh agus téann sé i bhfostú. Ansin buaileann na tonnta ina aghaidh agus tosaíonn an bád ag briseadh ina phíosaí. Deireann an t-oifigeach airm atá i gceannas: ‘Duine ar bith atá in ann snámh léimfeadh sé i bhfarraige agus snámhfadh sé go dtí an cladach. An chuid eile agaibh léimigí isteach ina ndiaidh agus téigí i dtír ar phíosaí den bhád.’ Tagann an 276 duine a bhí ar an mbád slán, díreach mar a gheall an t-aingeal.
Málta is ainm don oileán. Tá na daoine an-chineálta, agus tugann siad aire dóibh siúd ón mbád. Nuair a fheabhsaíonn an aimsir, cuirtear Pól ar bhád eile agus tugtar go dtí an Róimh é.