SCÉAL 111
Buachaill ina Chodladh
Ó! Ó! Céard atá ag tárlú anseo? An bhfuil an buachaill atá ina luí ar an talamh gortaithe go dona? Féach! Tá Pól ar dhuine de na fir atá ag teacht amach as an teach! Tá Timotéus ansin freisin. Ar thit an buachaill amach an fhuinneoig?
Sea, sin é díreach a thárla. Bhí Pól ag tabhairt aitheasc do na deisceabail anseo i dTróas, Bhí fhios aige nach bhfeicfeadh sé iad arís go ceann tamaill fada mar bhí air fágáil ar bhád an lá dar gcionn. Mar sin lean sé ag caint go meánoíche.
Bhuel, bhí an buachaill seo darb ainm Eu’ta·chos ina shuí ag an bhfuinneoig, agus thit sé ina chodladh. Thit sé go leataobh, amach díreach an fhuinneoig agus síos trí stóir go dtí an talamh! Mar sin tuigeann tú an chúis imní atá ag na daoine. Nuair a phiocann na fir suas an buachaill feiceann siad gur maraíodh é.
Nuair a fheiceann Pól go bhfuil an buachaill marbh, luíonn sé ós a chionn agus fáisceann sé é. Ansin deireann sé: ‘Ná bíodh imní oraibh. Tá sé ceart go leor!’ Agus tá! Is míorúilt é! Thóg Pól ar ais ón mbás é! Bíonn an-ríméad ar an slua.
Téann siad ar fad suas an staighre arís agus bíonn béile acu. Leanann Pól ag caint go dtí solas lae. Ach ní móide go dtiteann Eu’ta·chos ina chodladh arís! Ansin téann Pól, Timotéus agus iad siúd a bhéidh ag taisteal leo isteach sa mbád.
Tá Pól ar a bhealach abhaile óna thríú turas misinéireachta. Ar an turas seo chaith Pól trí bliana i gcathair Eifeasas amháin. Mar sin is faide an turas seo ná an dara ceann.
Téann an bád ó Thróas go Míléatas, Ós rud é nach bhfuil Eifeasas ach cúpla míle ó bhaile, cuireann Pól fios ar na seanóirí sa bpobal ansin teacht go Míléatas chun go bhféadfaidh sé labhairt leo don uair dheireanach. Nuair a bhíonn sé in am ag an mbád imeacht, bíonn an-bhrón orthu go bhfuil Pól ag fágáil.
Faoi dheireadh, téann an bád ar ais go Céasaráia. Le linn do Phól a bheith ag fanacht anseo i dteach Pilip, insíonn an fáidh Agabas dó go ndéanfar príosúnach de nuair a rachaidh sé go Iarusailéim. Sin é a thárlaíonn. Tar éis dhá bhliain a chaitheamh i bpríosún i Céasaráia, cuirtear Pól go dtí an Róimh chun é a thriáil ós comhair an rialtóir Rómhánach, Céasar. Féachaimis ar a dtárlaíonn ar an turas go dtí an Róimh.
Gníomhartha caibidil 19 go dtí 26.