Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 110
  • Timotéus—Cúntóir Phóil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Timotéus—Cúntóir Phóil
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Pól agus Tiomóid
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Scaipeann an Chríostaíocht ar Fud an Domhain Mhóir
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • “Ag Neartú na bPobail”Críostaí (nwt)
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Bhí Tiomóid Ag Iarraidh Cabhrú Le Daoine
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 110

SCÉAL 110

Timotéus—Cúntóir Phóil

IS É Timotéus an fear óg a fheiceann tú anseo le Pól. Cónaíonn Timetéus lena mhuintir i Liostra. Eu’naícé is ainm dá mháthair agus Lóis is ainm dá sheanmháthair.

Seo é an tríú cuairt ag Pól ar Liostra. An uair seo tá a chara Síleas in éineacht le Pól ar a thuras craobhscaoileadh.

‘Ar mhaith leat teacht le Síleas agus liom féin?’ fiafraíonn Pól de Thimotéus. ‘Ba mhór an chabhair thú chun craobhscaoileadh do dhaoine in áiteanna i bhfad ó bhaile.’

Freagraíonn Timotéus: ‘Ba mhaith liom dul libh.’ Go gairid ina dhiaidh sin fágann Timotéus slán ag a mhuintir agus imíonn sé le Pól agus Síleas. Ach sula bhfoghaimeoimid faoina dturas, faighimis amach céard a bhí ag tárlú do Phól. Tá sé seacht mbliana déag ó thaispeáin Íosa é féin dó is é ag dul go Damaisc.

Tháinig Pól go Damaisc chun deisceabail Íosa a ghortú ach is deisceabal é féin anois! Níos deireanaí socraíonn náimhde Phóil é a mharú mar ní maith leo é a bheith ag múineadh faoi Íosa. Ach cuireann na deisceabail i gciseán é agus scaoileann siad síos taobh amuigh de bhallaí na cathrach é.

Ina dhiaidh sin téann Pól go dtí Aintíoch chun teagasc ann. Is anseo a tugtar Críostaithe ar lucht leanúna Íosa don chéad uair. Ansin cuirtear Pól agus Bar’na·bas ar thuras craobhscaoileadh ó Aintíoch go dtí tíortha i bhfad i gcéin. Ag taisteal dóibh tugann siad cuairt ar Liostra, baile Thimotéus.

Timpeall bliain níos deireanaí, bíonn Pól ar ais i Liostra ar thuras eile. Féach ar an mapa agus breathnóimid ar na háiteanna a dtéann Timotéus le Pól agus Síleas.

Ar dtús téann siad go Iocoiniam, ansin go dtí Aintíoch. Ina dhiaidh sin téann siad suas go dtí Tróas, ansin anonn go dtí Filipí, Teasaloinicé agus Bearóia. Craobhscaoileann Pól san Aithin. Ina dhiaidh sin caitheann siad bliain go leith ag craobhscaoileadh i Corant. Faoi dheireadh fanann siad achar gearr in Eifeasas. Ansin tagann siad ar ais ar bhád go Céasaráia, agus téann siad suas go dtí Aintíoch áit a bhfanann Pól.

Mar sin taistealaíonn Timotéus na céadta míle ag cabhrú le Pól an “deá-scéala” a chraobhscaoileadh agus tús a chuir le go leor pobail Críostaithe. Nuair a bhéidh tusa níos sine, an mbéidh tú in do shearbhónta dílis do Dhia mar a bhí Timotéus?

Gníomhartha 9:19-30; 11:19-26; caibidil 13 go dtí 17; 18:1-22.

[Mapa]

(Chun an téacs a fheiceáil leagtha amach go hiomlán, féach an foilseachán)

An Róimh

Málta

Teasaloinicé

Bearóia

Corant

Filipí

Aithin

An Chréit

Tróas

Eifeasas

Míléatas

Colosae

Aintíoch

Iocoiniam

Liostra

Aintíoch

An Chipir

Damaisc

Céasaráia

Ioppa

Iarusailéim

AN MHUIR MHÓR (MHEÁN)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn