Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 13 leathanaigh 28-29
  • Bhí Tiomóid Ag Iarraidh Cabhrú Le Daoine

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Tiomóid Ag Iarraidh Cabhrú Le Daoine
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Pól agus Tiomóid
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • “Ag Neartú na bPobail”Críostaí (nwt)
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Timotéus—Cúntóir Phóil
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 13 leathanaigh 28-29
Tiomóid ag foghlaim óna mháthair Eunaícé, agus a sheanmháthair Laoise

CEACHT 13

Bhí Tiomóid Ag Iarraidh Cabhrú le Daoine

B’fhear óg é Tiomóid a bhí sásta cabhrú le daoine. Thaistil sé i bhfad is i ngearr chun é sin a dhéanamh. Bhí saol sona, suimiúil aige dá bharr. Ar mhaith leat cloisteáil faoi?—

Mhúin a mháthair agus a sheanmháthair do Thiomóid faoi Iehova

Tógadh Tiomóid i gcathair Liostra. Nuair a bhí sé an-óg, thosaigh a sheanmháthair Laoise agus a mháthair, Eunaícé, ag múineadh dó faoi Iehova. De réir mar a chuaigh sé in aois bhí Tiomóid ag iarraidh cabhrú le daoine eile foghlaim faoi Iehova.

Nuair a bhí Tiomóid ina fhear óg, d’fhiafraigh Pól de an rachadh sé leis ag craobhscaoileadh in áiteanna eile. Dúirt Tiomóid: ‘Rachaidh!’ Bhí sé réidh le himeacht agus cabhrú le daoine eile.

D’imigh Tiomóid i dteannta Phóil go dtí cathair sa Mhacadóin ar a dtugtar Teasaloinicé. Bhí orthu achar fada a shiúl agus ansin bád a thógáil sular shroich siad an chathair. Nuair a bhí ceann scríbe bainte amach acu, chabhraigh siad le go leor daoine foghlaim faoi Iehova. Ach bhí cuid de na daoine feargach agus rinne siad iarracht iad a ghortú. Dá bharr sin bhí ar Phól agus ar Thiomóid imeacht agus craobhscaoileadh in áiteanna eile.

Tiomóid ag taisteal in éineacht leis an aspal Pól ar bhád

Bhí saol sona, suimiúil ag Tiomóid

Cúpla mí ina dhiaidh sin, d’iarr Pól ar Thiomóid dul ar ais go Teasaloinicé chun go bhfeicfeadh sé cé mar a bhí ag éirí leis na deartháireacha. Theastaigh misneach chun dul ar ais go dtí an chathair chontúirteach sin! Ach chuaigh Tiomóid ar ais mar bhí imní air faoi na deartháireacha. Tháinig sé ar ais go dtí Pól le dea-scéal. Bhí ag éirí thar barr leis na deartháireacha i dTeasaloinicé!

Chaith Tiomóid blianta fada ag obair le Pól. Dúirt Pól gurbh é Tiomóid an duine ab fhearr a d’fhéadfadh sé a chur chuig na pobail chun cabhrú leo. Bhí grá ag Tiomóid do Iehova agus bhí grá aige do dhaoine.

An bhfuil grá agatsa do dhaoine agus an bhfuil tú ag iarraidh cabhrú leo foghlaim faoi Iehova?— Má tá, is féidir leat saol sona, suimiúil a bheith agat, mar a bhí ag Tiomóid!

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • 2 Tiomóid 1:5; 3:15

  • Gníomhartha 16:1-5; 17:1-10

  • 1 Teasalónaigh 3:2-7

  • Filipigh 2:19-22

CEISTEANNA:

  • Cén áit ar tógadh Tiomóid?

  • An raibh Tiomóid ag iarraidh dul ag taisteal i dteannta Phóil? Cén fáth?

  • Cén fáth a ndeachaigh Tiomóid ar ais go Teasaloinicé?

  • Cén chaoi ar féidir leatsa saol sona, suimiúil a bheith agat, mar a bhí ag Tiomóid?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn