Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 93
  • Beathaíonn Íosa Slua Mór

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Beathaíonn Íosa Slua Mór
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Beathaíonn Íosa na Mílte Duine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Siúlann Íosa ar an Uisce
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Arán Curtha ar Fáil go Míorúilteach
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 93

SCÉAL 93

Beathaíonn Íosa Slua Mór

TÁ RUD uafásach tárlaithe. Tá Eoin Baiste maraithe. Níor thaitin sé le Heródias, bean an rí. Agus chuir sí ar an rí a chloigeann a bhaint d’Eoin.

Nuair a chloiseann Íosa é seo, bíonn sé an-bhuartha. Téann sé go dtí áit uaigneach ina aonar. Ach leanann na daoine é. Nuair a fheiceann Íosa na sluaite, bíonn trua aige dóibh. Labhraíonn sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheasann sé a n-easláin.

An tráthnóna sin tagann a dheisceabail chuige agus deireann siad: ‘Tá sé mall sa lá cheanna féin. Cuir na daoine chun siúil le go gceannóidh siad bia dóibh féin ins na bailte.’

‘Ní gá dóibh imeacht,’ freagríonn Íosa. ‘Tugaigí féin bia dóibh.’ Fiafraíonn sé do Philip: ‘Cén áit ar féidir linn bia a cheannacht chun na daoine seo ar fad a bheathú?’

‘Cosnóidh sé go leor airgid le bia a cheannacht chun nach mbeadh ach beagán ag gach duine,’ freagraíonn Pilip. Labhraíonn Aindrias: ‘Tá cúig bhuilín agus dhá iasc ag an mbuachaill seo, ach is gearr le dhul iad ar shlua chomh mór seo.’

‘Abair leis na daoine suí ar an bhféar,’ deireann Íosa. Ansin glacann sé buíochas le Dia ar son an bhia. Briseann Íosa an t-arán agus an t-iasc, agus beathaíonn sé 5,000 fear, agus na mílte eile mná agus páistí. Itheann siad ar fad go dtí go mbíonn siad sách. Agus nuair a chruinníonn na deisceabail an fuíollach, líonann siad dhá chiseán déag!

Anois cuireann Íosa a dheisceabail isteach i mbád chun Muir Ghaililí a thrasnú. I rith na hoíche tosaíonn stoirm mhór agus caitheann na tonnta an bád anonn is anall. Bíonn an-fhaitíos ar na deisceabail. Ansin i lár na hoíche, feiceann siad duine ag siúl chucu ar an uisce. Screadann siad leis an bhfaitíos, mar níl fhios acu céard atá siad a fheiceáil.

‘Is mise atá ann,’ deireann Íosa. ‘Más tú atá ann i ndáiríre, a Thiarna,’ deireann Peadar, ‘abair liom siúl ar an uisce chugat.’ Freagraíonn Íosa: ‘Tár!’ Agus téann Peadar amach agus siúlann sé ar an uisce! Ansin tagann eagla air, agus tosaíonn sé ag dul faoi, ach sábhálann Íosa é.

Níos deireanaí, beathaíonn Íosa na mílte duine arís. An uair seo déanann sé é le seacht mbuilín agus cúpla iasc beaga. Agus arís tá flúirse ann do chách. Nach íontach mar a thugann Íosa aire do na daoine? Nuair a bhéidh sé ag rialadh mar rí Dé ní bhéidh ábhar imní againn go deo!

Matha 14:1-32; 15:29-38; Eoin 6:1-21.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn