SCÉAL 99
I Seomra Thuas-staighre
DÉARDAOIN atá anois ann. Tháinig Íosa agus a 12 aspal go dtí an seomra mór seo thuas-staighre chun béile na Cásca a ithe. Is é Iúdás Isceiríot atá ag fágáil.
An lá díreach roimhe seo, chuiagh Iúdás chuig na sagairt agus d’fhiafraigh sé: ‘Céard a thabharfaidh sibh dom má chabhraím libh breith ar Íosa?’ Dúirt siad: ‘Tríocha píosa airgid.’ Tá Iúdás ag imeacht anois chun na fir seo a threorú go dtí Íosa.
Tá béile na Cásca thart. Ach anois tosaíonn Íosa béile speisialta eile. Síneann sé builín aráin chuig a aspail agus deireann sé: ‘Ithigí é, mar ciallaíonn sé seo mo chorp a thaharfar ar bhur son.’ Ansin síneann sé gloine fíona chucu agus deireann sé: ‘Ólaigí é, mar ciallaíonn sé seo mo chuid fola, a dhóirtfear amach ar bhur son.’ Tugtar ‘Suipéar an Tiarna’ ar seo.
D’ith na híosraelítigh an Cháisc chun tabhairt chun cuimhne an t-am ar imigh aingeal Dé thar a dtíthe san Éigipt. Ach anois tá Íosa ag iarraidh ar a lucht leanúna eisean a choinneáil i gcuimhne agus an chaoi ar thug sé a bheatha ar a son. Sin é an fáth go ndeireann sé an béile speisialta seo a cheiliúradh gach bliain.
Deireann Íosa lena aspail a bheith misniúil agus creideamh láidir a bheith acu. Ansin canann siad amhráin do Dhia agus imíonn siad. Tá sé an-deireanach anois, tar éis an mheán-oíche is dócha. Féachaimis cá dtéann siad anois.