Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 91 lth. 212-lth. 213 alt 1
  • Tógtar Íosa ón mBás

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tógtar Íosa ón mBás
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tá Íosa Beo
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • I Seomra atá Faoi Ghlas
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Tá Íosa Beo!
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 91 lth. 212-lth. 213 alt 1
Mná ag déanamh iontais go bhfuil tuama Íosa folamh

CEACHT 91

Tógtar Íosa ón mBás

Tar éis d’Íosa bás a fháil, fuair fear saibhir darbh ainm Iósaef cead ó Phioláit corp Íosa a thógáil anuas den chuaille. Chas Iósaef línéadach agus spíosraí ar chorp Íosa agus leag sé i dtuama nua é. Chuir sé cloch mhór i mbéal an tuama. Dúirt na hardsagairt le Pioláit: ‘Tá eagla orainn go dtiocfaidh deisceabail Íosa agus go dtógfaidh siad an corp agus go ndéarfaidh siad go bhfuil sé éirithe ón mbás.’ Mar sin dúirt Pioláit leo: ‘Cuirigí garda ar an tuama.’

Trí lá ina dhiaidh sin chuaigh triúr ban go dtí an tuama agus bhí an chloch tógtha as béal an tuama. Dúirt aingeal a bhí istigh sa tuama leis na mná: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Tá Íosa tógtha ó na mairbh. Imígí agus abair lena dheisceabail go bhfeicfidh siad sa nGailíl é.’

D’imigh Máire Mhaigdiléana léi faoi dheifir go dtí Peadar agus Eoin. Dúirt sí leo: ‘Tá corp Íosa tógtha ag duine éigin!’ Rith Peadar agus Eoin ar ais go dtí an tuama. Nuair a chonaic siad go raibh an tuama folamh, chuaigh siad abhaile.

Nuair a tháinig Máire ar ais go dtí an tuama, chonaic sí beirt aingeal istigh ann agus dúirt sí leo: ‘Níl a fhios agam céard a rinne siad le mo Thiarna.’ Ansin chonaic sí fear, agus ag ceapadh gurbh é an garraíodóir a bhí ann, dúirt sí : ‘A dhuine uasail, más é do thoil é, cár chuir tú é?’ Ach nuair a dúirt an fear: “A Mháire,” bhí a fhios aici gurbh é Íosa a bhí ann. Dúirt sí: “A Mháistir!” agus rug sí greim air. Dúirt Íosa léi: ‘Téigh agus inis do mo bhráithre go bhfaca tú mé.’ Rith Máire go dtí na deisceabail ar an bpointe agus dúirt sí leo go bhfaca sí Íosa.

Níos déanaí sa lá, bhí beirt de na deisceabail ag siúl ó Iarúsailéim go hEamáus. Casadh fear orthu ar an mbóthar agus d’fhiafraigh sé díobh céard faoi a raibh siad ag caint. Dúirt siad: ‘Cé nár chuala tú? Chuir na hardsagairt Íosa chun báis trí lá ó shin. Anois tá cuid de na mná ag rá go bhfuil sé beo!’ D’fhiafraigh an fear díobh: ‘Nach gcreideann sibh na fáithe? Dúirt siad go ngeobhadh an Críost bás agus go n-éireodh sé arís.’ Lean sé air ag míniú na scrioptúr dóibh. Nuair a shroich siad Eamáus thug na deisceabail cuireadh don fhear béile a bheith aige leo. Nuair a bhí siad ag an mbéile, dúirt sé paidir ag glacadh buíochais, agus ba ansin a thuig siad gurbh é Íosa a bhí ann. Ansin d’imigh sé as amharc.

Dheifrigh an bheirt dheisceabal go dtí teach in Iarúsailéim, áit a raibh na deisceabail bailithe le chéile agus d’inis siad dóibh faoin méid a tharla. Le linn dóibh a bheith istigh sa teach, tháinig Íosa ina measc. Ar dtús, níor chreid na haspail gurbh é Íosa a bhí ann. Ansin dúirt sé leo: ‘Féachaigí ar mo chuid lámha; leagaigí lámh orm. Bhí sé scríofa go n-éireodh an Críost ón mbás.’

“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.”—Eoin 14:6

Ceisteanna: Céard a tharla nuair a chuaigh na mná go dtí tuama Íosa? Céard a tharla ar an mbealach go hEamáus?

Matha 27:57–28:10; Marcas 15:42–16:8; Lúcás 23:50–24:43; Eoin 19:38–20:23

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn