Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 102
  • Tá Íosa Beo

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tá Íosa Beo
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tógtar Íosa ón mBás
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • I Seomra atá Faoi Ghlas
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 102

SCÉAL 102

Tá Íosa Beo

AN BHFUIL fhios agat cé hiad an bhean agus an bheirt fhear? Is í Máire Mhaigdiléana an bhean, cara le Íosa. Agus is aingle iad na fir a bhfuil éadach geal orthu. Seo é an tuama ar cuireadh corp Íosa ann tar éis dó bás a fháil. Ach anois tá an corp imithe! Cé thóg é? Féachaimis.

Tar éis d’Íosa bás a fháil, deireann na sagairt le Píoláid: ‘Nuair a bhí Íosa beo dúirt sé go dtógfaí é tar éis trí lá. Mar sin tabhair ordú garda a chuir ar an tuama. Ansin ní bhéidh a dheisceabail in ann a chorp a ghoid agus a rá gur tógadh ó mhairbh é!’ Ordaíonn Píoláid garda a chuir ar an tuama.

Ach go luath ar an tríú lá tar éis d’Íosa bás a fháil tagann aingeal Iehobhah go tobann. Iompaíonn sé an chloch ón tuama. Tá an oiread sin faitíos ar na saighdiúirí nach bhfuil siad in ann bogadh. Faoi dheireadh, nuair a fhéachann said isteach sa tuama, bíonn an corp imithe! Insíonn siad do na sagairt é ach íocann na sagairt iad chun bréaga a inseacht. ‘Abair go dtáinig a dheisceabail san oíche, nuair a bhí sibh in bhur gcodladh agus gur ghoid siad an corp,’ deireann na sagairt leis na saighdiúirí.

Idir an dá linn tugann mná, cáirde le Íosa, cuairt ar an tuama. Tá íontas orthu nuair a fheiceann siad folamh é! Go tobann tagann dhá aingeal in éadaigh geala i láthair. ‘Cén fáth go bhfuil sibh ag lorg Íosa anseo?’ fiafraíonn siad. ‘Tá sé éirithe. Inis dá dheisceabail é.’ Imíonn siad. Ach ar an mbealach stopann fear iad. Íosa atá ann! ‘Inis do mo dheisceabail é,’ deireann sé.

Nuair a insíonn na mná do na deisceabail go bhfuil Íosa beo agus go bhfaca siad é, ní féidir leo é a chreidiúint. Ritheann Peadar agus Eoin go dtí an tuama, ach tá sé folamh! Nuair a imíonn Peadar agus Eoin, fanann Máire Mhaigdiléana siar. Is ansin a fhéachann sí isteach agus a fheiceann sí an dá aingeal.

Chuir Iehobhah ar chorp Íosa imeacht as amharc. Níor thóg Dia Íosa ón mbás sa gcorp feola a bhfuair sé bás ann. Thug sé corp nua spioraid d’Íosa, mar atá ag na haingle sna flaithis. Ach chun taispeáint dá dheisceabail go bhfuil sé beo, tá Íosa in ann corp infheicthe a thógáil ar féin, mar a fhoghlaimeoimid.

Matha 27:62-66; 28:1-15; Lúcás 24:1-12; Eoin 20:1-12.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn