Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 103
  • I Seomra atá Faoi Ghlas

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • I Seomra atá Faoi Ghlas
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tógtar Íosa ón mBás
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Tá Íosa Beo
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 103

SCÉAL 103

I Seomra atá Faoi Ghlas

TAR éis do Pheadar agus Eoin tuama Íosa a fhágáil, tá Máire fágtha ansin léí féin. Tosaíonn sí ag gol. Ansin féachann sí isteach sa tuama. Ansiúd feiceann sí dhá aingeal! Fiafraíonn siad di: ‘Cén fáth a bhfuil tú ag gol?’

Freagraíonn Máire: ‘Tá mo Thiarna tógtha acu, agus níl fhios agam cá bhfuil sé curtha acu.’ Ansin iompaíonn Máire thart agus feiceann sí fear. Fiafraíonn sé di: ‘Cé atá uait?’

Ceapann Máire gurb é seo an garraíodóir, agus go mb’fhéidir gur é a thóg corp Íosa. Deireann sí: ‘Má thóg tú é inis dom cár chuir tú é.’ Ach is é Íosa an fear seo. Tá corp tógtha aige air féin nach n-aithníonn Máire. Ach nuair a deireann sé a hainm, bíonn fhios aici gurb é seo Íosa. Ritheann sí agus insíonn dá dheisceabail: ‘Tá an Tiarna feicthe agam!’

Níos deireanaí sa lá, nuair a bhíonn beirt deisceabail ag siúl go dtí Emmáus, buaileann fear leo. Tá brón ar na deisceabail faoi bhás Íosa. Ach ag siúl dóibh míníonn an fear a lán rudaí as an mBíobla dóibh agus airíonn siad níos fearr. Nuair a stopann siad le haghaidh béile, aithníonn na deisceabail gurb é Íosa atá ann. Ansin imíonn Íosa as amharc, agus téann na deisceabail ar ais go Iarusailéim chun inseacht do na haspail faoi.

Le linn dó sin a bheith ar siúl, taispeáineann Íosa é féin do Pheadar freisin. Bíonn ríméad ar an gcuid eile nuair a chloiseann siad é seo. Ansin insíonn an bheirt deisceabail seo do na haspail faoin gcaoi ar thaispeáin Íosa é féin dóibhsean. Agus iad á inseacht tárlaíonn rud íontach.

Féach ar an bpictiúr. Tagann Íosa i láthair sa seomra cé go bhfuil glas ar an doras. Nach áthasach atá na deisceabail! An bhfuil tú in ann an méid uaireanta a thaispeáin Íosa é féin a chomhaireamh? An gcomhaireann tú cúig uaire?

Níl an t-aspal Tomás in éineacht leo nuair a thagann Íosa. Mar sin deireann na deisceabail leis: ‘Chonaic muid an Tiarna!’ Ach deireann Tomás go gcaithfidh sé Íosa a fheiceáil sula gcreidfidh sé. Ocht lá níos deireanaí bíonn na deisceabail le chéile arís i seomra atá faoi ghlas, agus Tomás leo. Go tobann, tagann Íosa i láthair sa seomra. Anois creideann Tomás.

Eoin 20:11-29; Lúcás 24:13-43.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn