Cuid 3 Súil Siar
Pleigh na ceisteanna seo a leanas le do mhúinteoir:
Léigh Seanfhocail 27:11.
Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh a bheith dílis d’Iehova?
(Féach Ceacht 34.)
Cén chaoi ar féidir leat cinntí maithe a dhéanamh nuair nach dtugann an Bíobla treoir ar leith?
(Féach Ceacht 35.)
Cén chaoi ar féidir leat a bheith ionraic i ngach ní?
(Féach Ceacht 36.)
Léigh Matha 6:33.
Cén chaoi ar féidir leat ‘ríocht Dé a lorg’ chomh fada is a bhaineann sé le hobair agus le hairgead?
(Féach Ceacht 37.)
Céard iad roinnt de na bealaí ar féidir leat a léiriú go bhfuil an t-ómós céanna agat don bheatha agus atá ag Iehova?
(Féach Ceacht 38.)
Léigh Gníomhartha 15:29.
Cén chaoi ar féidir leat a bheith umhal d’ordú Dé maidir le fuil?
An mothaíonn tú go bhfuil gach atá sé ag iarraidh orainn réasúnach?
(Féach Ceacht 39.)
Léigh 2 Corantaigh 7:1.
Céard atá i gceist le bheith glan go morálta agus go fisiciúil?
(Féach Ceacht 40.)
Léigh 1 Corantaigh 6:9, 10.
Cén dearcadh atá ag an mBíobla ar ghnéas? An n-aontaíonn tú leis?
Cén treoir a thugann an Bíobla faoin alcól?
(Féach Ceachtanna 41 agus 43.)
Léigh Matha 19:4-6, 9.
Céard é caighdeán Dé maidir leis an bpósadh?
Cén fáth a gcaithfidh an pósadh agus an colscaradh a bheith cláraithe go dleathach?
(Féach Ceacht 42.)
Céard iad roinnt ceiliúradh agus féilte nach bhfuil Iehova sásta leo, agus cén fáth?
(Féach Ceacht 44.)
Léigh Eoin 17:16 agus Gníomhartha 5:29.
Cén chaoi ar féidir leat a bheith neodrach?
Mura bhfuil dlí daonna agus dlí Dé ar aon dul, céard a dhéanfaidh tú?
(Féach Ceacht 45.)
Léigh Marcas 12:30.
Cén chaoi a léiríonn tú do ghrá d’Iehova?
(Féach Ceachtanna 46 agus 47.)