Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp20 Uimhir 2 leathanaigh 14-15
  • Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • AN nDÉANFAIDH TUSA RÍOCHT DÉ A LORG AR dTÚS?
  • Ríocht Dé—Céard í Féin?
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • “Go dTaga Do Ríocht”—Paidir atá Ráite go Minic ag na Milliúin Duine
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
wp20 Uimhir 2 leathanaigh 14-15
Fear ag guí sula léann sé an Bíobla.

Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!

Samhlaigh go bhfuil stoirm mhór ag teannadh le do cheantar. Tá an rialtas ag cur amach fógraí práinneacha: “TÉIGÍ AMACH! FAIGHIGÍ DÍDEAN ANOIS!” Céard ba cheart duit a dhéanamh? Ba cheart duit dul go dtí áit shábháilte.

Ar bhealach, tá gach duine againn ag maireachtáil i gcosán na “stoirme,” stoirm ar thagair Íosa de mar an “trioblóid mhór.” (Matha 24:21) Ní féidir linn éalú ó chosán na trioblóide sin. Ach is féidir linn rud éigin a dhéanamh chun muid féin a chosaint. Céard é sin?

Thug Íosa Críost an treoir seo ina Sheanmóir ar an Sliabh: “Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús.” (Matha 6:33) Cén chaoi a ndéanann muid é sin?

Déan Ríocht Dé a lorg ar dtús. Ciallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh Ríocht Dé níos tábhachtaí ná aon ní eile inár saol. (Matha 6:25, 32, 33) Cén fáth? Mar níl an duine in ann fadhbanna an chine dhaonna a réiteach. Is í Ríocht Dé amháin atá in ann é sin a dhéanamh.

Lorgaígí a fhíréantacht. Ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh maireachtáil de réir dlíthe agus prionsabail fhíréanta Dé. Cén fáth? Mar má roghnaíonn muid féin an rud atá ceart agus mícheart, beidh droch-chinntí mar thoradh air. (Seanfhocail 16:25) Ach má mhaireann muid de réir chaighdeáin Dé, beidh Dia sásta linn agus beidh saol níos fearr againn freisin.—Íseáia 48:17, 18.

Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús. Thug Íosa foláireamh go bhféadfadh dul amú a bheith ar dhaoine, cuid acu ag ceapadh dá ndéanfaidís go leor airgid go mbeadh siad slán sábháilte. Caitheann daoine eile an oiread sin ama ag iarraidh a gcuid fadhbanna a réiteach nach mbíonn aon am acu do Ríocht Dé.—Matha 6:19-21, 25-32.

Gheall Íosa dóibh siúd a thacaíonn le Ríocht Dé go mbeidh na rudaí a theastaíonn uathu acu anois agus go mbainfidís amach beannachtaí síoraí freisin.—Matha 6:33.

Cé go raibh deisceabail Íosa ag tabhairt tús áite do Ríocht Dé agus a fhíréantacht sa gcéad aois, ní fhaca siad deireadh le pian agus fulaingt. Ach bhí cosaint acu. Cén chaoi?

Mhair siad de réir chaighdeáin Dé, rud a chosain iad ar dheacrachtaí a d’fhulaing siad siúd a rinne neamhaird de dhlí Dé. Chabhraigh an dóchas láidir a bhí acu i dteacht na Ríochta, leo déileáil leis na fadhbanna a d’fhulaing siad. Thug Dia “an chumhacht as cuimse” dóibh ionas go bhféadfaidís dul i ngleic lena gcuid fadhbanna.—2 Corantaigh 4:7-9.

AN nDÉANFAIDH TUSA RÍOCHT DÉ A LORG AR dTÚS?

Ghéill Críostaithe na chéad aoise d’ordú Íosa an Ríocht a lorg ar dtús. D’fhógair siad dea-scéala na Ríochta ina gceantar féin den domhan. (Colosaigh 1:23) An bhfuil aon duine á dhéanamh sin inniu?

Tá! Tuigeann Finnéithe Iehova nach bhfuil mórán ama fágtha sula gcuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais na linne seo. Mar sin, déanann siad a ndícheall an obair a lua Íosa a dhéanamh: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.”—Matha 24:14.

Cén chaoi a nglacfaidh tusa leis an dea-scéala? Molann muid duit aithris a dhéanamh ar mhuintir Bearóia na Macadóine. Nuair a chuala siad an dea-scéal faoin Ríocht ón aspal Pól, “Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr ag féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.” Ansin rinne siad beart de réir mar a d’fhoghlaim siad.—Gníomhartha 17:11, 12.

Tá céimeanna tógtha ag na milliúin duine ar fud an domhain chun tacú le Ríocht Dé

  1. Duine d’Finnéithe Iehova ag caint le fear ag doras a thí.

    Éist le dea-scéala na Ríochta

  2. Tá an fear céanna ag déanamh staidéir ar an mBíobla ina theach féin le duine d’Fhinnéithe Iehova.

    Scrúdaigh na Scrioptúir go cúramach

  3. Tá an fear ag freastal ar chruinniú sa Ríocht-halla.

    Coinnigh comhluadar leo siúd a thacaíonn leis an Ríocht

  4. Tá an fear ag guí sula léann sé an Bíobla.

    Taispeáin do Dhia gur mhaith leat seirbhís a thabhairt dó

Is féidir leatsa an rud céanna a dhéanamh. Trí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, gheobhaidh tú dídean agus cosaint anois agus bainfidh tú taitneamh as síocháin agus slándáil amach anseo.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoi imeachtaí Fhinnéithe Iehova, tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin, jw.org.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ansin i mbreis agus 1,000 teanga.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn