Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 52
  • Cén Bhrí Atá Leis an Saol?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Bhrí Atá Leis an Saol?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard é Cuspóir Dé Don Duine?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Is Féidir Leat a Bheith i do Chara ag Iehova
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard a Deir an Bíobla Faoi Chairdeas?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 52

Cén Bhrí Atá Leis an Saol?

Freagraíonn an Bíobla

D’fhéadfaí an cheist faoi bhrí an tsaoil a chur ar bhealaí éagsúla, mar shampla: Cén fáth a bhfuil muid anseo? An bhfuil cuspóir le mo shaol? Léiríonn an Bíobla gurb é ár gcuspóir sa saol cairdeas a chothú le Dia. Déan machnamh ar roinnt de na fírinní bunúsacha atá sa mBíobla.

  • Is é Dia ár gCruthaitheoir. Deir an Bíobla: “Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.”​—Salm 100:3; Apacailipsis 4:11.

  • Tá cuspóir ag Dia do gach ní a chruthaigh sé, muidne san áireamh.​—Íseáia 45:18.

  • Chruthaigh Dia muid le “riachtanas spioradálta,” agus leis an mian atá ionainn brí an tsaoil a bheidh ar eolas againn. Tá Sé ag iarraidh go sásóidh muid an mhian sin.​—Salm 145:16.

  • Sásaíonn muid ár riachtanais spioradálta trí chairdeas a chothú le Dia. Cé go gceapann roinnt daoine nach bhfuil an coincheap sin réalaíoch, tugann an Bíobla an spreagadh seo dúinn: “Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.”​—Séamas 4:8; 2:23.

  • Le bheith inár gcara ag Dia, caithfidh muid maireachtáil de réir a chuspóra. Tagraíonn an Bíobla den chuspóir seo i Cóheilit 12:13, deir sé: “Bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.”

  • Cuireann Dia ar an eolas muid faoi gach a mbaineann lena chuspóir amach anseo. Cuirfidh sé deireadh le gach cineál fulaingt agus tabharfaidh sé an deis maireachtáil go deo dá chairde, iad siúd a thugann adhradh dó.​—Salm 37:10, 11.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn