Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 68
  • Cé a Théann go hIfreann?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé a Théann go hIfreann?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Freagraíonn an Bíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 68

Cé a Théann go hIfreann?

Freagraíonn an Bíobla

Ciallaíonn an focal ifreann (“Sheohl” agus “Haides” i mbuntheangacha an Bhíobla) an uaigh, agus ní áit le daoine a chrá i dtine. Cé a théann go hifreann? Daoine maithe agus drochdhaoine araon. (Iób 14:13; Salm 9:17) Deir an Bíobla gurb é uaigh an chine dhaonna “teach cruinnithe na mbeo go léir.”​—⁠Iób 30:23.

Chuaigh Íosa go hifreann nuair a fuair sé bás. Mar sin féin níor, “fágadh i Háidéas é” mar thóg Dia ó mhairbh é.​—⁠Gníomhartha 2:​31, 32, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.

An mbeidh ifreann ann go deo?

Tiocfaidh gach duine atá in ifreann amach as, mar tógfaidh Íosa ó mhairbh iad le cumhacht Dé. (Eoin 5:​28, 29; Gníomhartha 24:15) Ag tagairt don aiséirí amach anseo, tá sé ráite ag Apacailipsis 20:13 “Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu.” Nuair a bheidh ifreann folamh, ní bheidh sé ann níos mó; ní rachaidh aon duine ann arís go deo mar “ní bheidh an bás ann feasta.”​—⁠Apacailipsis 21:​3, 4; 20:14.

Ní théann gach duine a fhaigheann bás go hifreann. Léiríonn an Bíobla go bhfuil cuid de na daoine chomh dona is nach n-athróidh siad. (Eabhraigh 10:26, 27) Nuair a fhaigheann a leithéid sin de dhuine bás, ní go hifreann a théann siad, ach go Gehenna. Ciallaíonn an focal Gréigise “Gehenna” tine shíoraí nó scrios síoraí, ní bhfaigheadh na daoine sin aiséirí go brách. (Matha 18:​8) Mar shampla, thug Íosa le fios go rachadh ‘an dream mallaithe,’ nó na daoine atá go han-dona sa tine shíoraí nuair a thiocfaidh Lá an Bhreithiúnais.​—⁠Matha 25:31, 32, 41, 46.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn