Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 123
  • An Bhfuil Dia i nGach Áit?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bhfuil Dia i nGach Áit?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard é an spiorad naomh?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Cén Sórt Neach é Iehova?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • An gCónaíonn Dia in Áit ar Leith?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 123
Réaltaí go hard sa spéir agus an ghrian ag bun na spéire

An Bhfuil Dia i nGach Áit?

Freagraíonn an Bíobla

Tá Dia in ann gach rud a fheiceáil agus tá sé in ann beart a dhéanamh in áit ar bith a roghnaíonn sé féin. (Seanfhocail 15:3; Eabhraigh 4:13) Mar sin féin, ní mhúineann an Bíobla go bhfuil Dia i láthair i ngach áit agus i ngach rud. Deir an Bíobla gur pearsa é Dia agus go bhfuil áit chónaithe aige.

  • Cruth Dé: Is pearsa spioraid é Dia. (Eoin 4:​24) Ní féidir le daoine é a fheiceáil. (Eoin 1:​18) Léiríonn an cur síos atá déanta air i bhfíseanna sa mBíobla go bhfuil áit chónaithe ar leith aige. Ní luaitear riamh go bhfuil sé i ngach áit.​—Íseáia 6:​1, 2; Apacailipsis 4:​2, 3, 8.

  • Áit chónaithe Dé: Deir an Bíobla go bhfuil “áras ar neamh” ag Dia. (1 Ríthe 8:​30) Ciallaíonn sé seo nach bhfuil Dia ina chónaí ar an talamh. Deirtear freisin gur tháinig aingil “i láthair an Tiarna [Iehova],”a rud a léiríonn go bhfuil Dia ina chónaí in áit ar leith.​—Iób 1:6.

Mura bhfuil Dia i ngach áit, an féidir leis aire phearsanta a thabhairt domsa?

Is féidir. Tá suim phearsanta ag Dia i ngach duine againn. Cé go bhfuil sé ina chónaí sna flaithis, tá suim aige sa dream atá ag iarraidh é a adhradh, agus gníomhaíonn sé ar a son. (1 Ríthe 8:​39; 2 Croinicí 16:9) Déan machnamh ar an gcaoi a léiríonn Iehova suim ina chuid adhraitheoirí:

  • Nuair a bhíonn tú ag guí: Is féidir le Iehova d’urnaí a chloisteáil an nóiméad a osclaíonn tú do bhéal.​—2 Croinicí 18:31.

  • Nuair a bhíonn tú in ísle brí: “Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.”​—Salm 136:23.

  • Nuair atá treoir uait: Tabharfaidh Iehova “teagasc agus múinfidh” sé thú trína Bhriathar, an Bíobla.​—Salm 32:8.

An chiall chontráilte maidir le Dia a bheith i ngach áit

An chiall chontráilte: Tá Dia i láthair i ngach áit.

Fíric: Ní chónaíonn Dia ar an talamh ná in aon áit eile sa gcruinne fisiceach. (1 Ríthe 8:27) Is fíor go bhfógraíonn na spéartha agus na rudaí eile a cruthaíodh “glóir Dé.” (Salm 19:2 [19:1 i mBíoblaí eile]) Mar sin féin, ní mhaireann Dia sna rudaí a chruthaigh sé díreach mar nach maireann ealaíontóir sa bpictiúr a tharraing sé. Ach, is féidir le pictiúr rud éigin a insint dúinn faoin ealaíontóir. Ar an gcaoi chéanna, insíonn na rudaí a chruthaigh Dia dúinn faoina “thréithe do-fheicthe,” mar shampla a chumhacht, a eagna agus a ghrá.​—Rómhánaigh 1:​20.

An chiall chontráilte: Caithfidh sé go bhfuil Dia i ngach áit toisc go bhfuil eolas aige faoi gach rud agus go bhfuil sé uilechumhachtach.

Fíric: Is é an spiorad naomh fórsa gníomhach Dé, an chumhacht a úsáideann sé chun a thoil a chomhlíonadh. Trína spiorad naomh is féidir le Dia aon rud ar mian leis a dhéanamh, in áit ar bith, ag am ar bith, gan é féin a bheith i láthair.​—Salm 139:7.

An chiall chontráilte: Tugann Salm 139:8 le fios go bhfuil Dia i ngach áit: “Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham; má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.”

Fíric: Níl an scrioptúr seo ag cur síos ar ionad ar leith. Tugann sé le fios go fileata nach bhfuil aon áit ró-iargúlta do Dhia le gníomhú ar ár son.

a Is é Iehova ainm Dé. Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn