Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 28
  • Sábháiltear Maois

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Sábháiltear Maois
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Chúis gur Theith Maois
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 28

SCÉAL 28

Sábháiltear Maois

FÉACH ar an bpáiste beag ag caoineadh agus greim méire aige ar an mbean. Seo é Maois. An bhfuil fhios agat cé hí an bhean? Is banphrionsa Éigipteach í, iníon Faró.

Chuir máithair Mhaois a páiste i bhfolach go dtí go raibh sé trí mhí d’aois mar ní raibh sí ag iarraidh go maródh na hÉigiptigh é. Ach bhí fhios aice go mb’fhéidir go bhfaighfí Maois. Mar sin seo é a rinne sí chun é a shábháil.

Chuir sí caoi ar chiseán sa gcaoi is nach scaoilfeadh sé uisce isteach. Ansin chuir sí an ciseán, le Maois istigh ann, sa bhféar fada le taobh abhainn na Níle. Dúradh le deirfiúr Mhaois, Miríám, seasamh ar leataobh agus féachaint céard a thárlódh.

Tháinig iníon Faró chun í féin a fholcadh sa Níl. Go tobann, chonaic sí an ciseán sa bhféar fada. Dúirt sí le duine dá cuid cailíní aimsire: ‘Téigh agus fáigh an ciseán sin dom.’ D’oscail an banphrionsa an ciseán. Bhí Maois beag ag caoineadh, agus ghlac an banphrionsa trua dó. Níor theastaigh uaithí go marófaí é.

Ansin tháinig Miríám. Feiceann tú í ins an bpictiúr. D’fhiafraigh Miríám d’iníon Faró.: ‘An nglaoifidh mé ar bhean Iosraelíteach chun aire a thabhairt don pháiste duit?’

‘Glaoigh, le do thoil,’ arsa an banphrionsa.

Mar sin rith Miríám chun é a inseacht dá máthair. Nuair a tháinig máthair Mhaois dúirt an banphrionsa léí: ‘Tóg an páiste seo agus oil é dom, agus íocfaidh mé thú.’

Mar sin thus máthair Mhaois aire dá leanbh féin. Níos deireanaí, nuair a bhí Maois sách sean, thug sí chuig iníon Faró é, a thóg isteach é mar a mac féin. Sin é an chaoi ar éirigh le Maois fás suas i dteach Faró.

Eaxodus 2:1-10

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn