SCÉAL 39
Bláthanna ar Shlat Arón
FÉACH ar na bláthanna agus na halmóinní aibí atá ag fás as an slat seo. Seo é slat Arón. D’fhas na bláthanna agus na torthaí aibí as slat arón in aon oíche amháin. Féachaimís cén fáth.
Tá na hIosraelítigh ag fánaíocht ins an bhfásach le tamall anois. Ceapann cuid acu nár cheart do Mhaois a bheith mar thaoiseach, ná d’Arón a bheith mar árd shagart. Duine acu seo is ea Córa. Ceapann Dátán, Abíram agus 250 de na taoisigh an rud céanna. Tagann siad le chéile agus deireann siad le Maois: ‘Cén fáth go gcuireann tú thú féin ós cionn an chuid eile againn?’
Deireann Maois le Córa agus a lucht leanúna: ‘Ar maidin tógaigí túiseoirí le túis iontu. Ansin tagaigí go dtí taibearnacal Iehabhah. Feicfimíd cé a roghnóidh Iehobhah.’
Lá arna mhárach, tagann Córa agus a 250 lucht leanúna go dtí an taibearnacal. Tagann go leor eile chun tacaíocht a thabhairt do na fir seo. Tá an-fhearg ar Iehobhah. ‘Téigh amach ó phubaill na ndrochfhir seo,’ a deireann Maois. ‘Ná déan teagmháil le haon ní a bhaineann leo.’ Éisteann na daoine agus druideann siad amach ó phubaill Chóra, Dátán agus Abíram.
Ansin deireann Maois: ‘Leis seo béidh a fhios agaibh cé atá roghnaithe ag Iehobhah. Sloigfidh an talamh na drochfhir seo.’
Chomh luath is a stopann Maois ag caint, osclaíonn an talamh. Titeann puball Chóra agus a bhfuil aige, agus Dátan agus Abíram agus iad siúd atá leo, síos agus dúineann an talamh ós a gcionn. Nuair a chloiseann na daoine a gcaointe, béiceann siad: ‘Rithigí! B’fhéidir go sloigfeadh an talamh muide freisin!’
Tá Córa agus a 250 lucht leanúna in aice an taibearnacail i gcónaí. Mar sin dóann Iehobhah le tine iad. Ansin deireann Iehobhah le Eleázár, mac Arón, na túiseoirí a thógáil ó na fir a maraíodh agus clúdach tanaí a dhéanamh don altóir leo. Béidh an clúdach seo mar fhógra do na hIosraelítigh nach féidir ach le Arón agus a chuid mic gníomhú mar shagairt do Iehobhah.
Ach tá Iehobhah ag iarraidh é a dhéanamh an-soiléar gurb iad Arón agus a chuid mic atá rognaithe aige. Mar sin deireann sé le Maois: ‘Tugudh taoiseach gach treabh a shlat i leith. Ar son treabh Levi, tugadh Arón a shlat i leith. Ansin cuir na slata seo sa taibearnacal ós comhair áirc an chonartha. Fásfaidh bláthanna ar shlat an fhir atá roghnaithe mar shagart agamsa.’
Nuair a fhéachann Maois orthu an mhaidin dár gcionn, tá bláthanna agus almóinní aibí ag fás ar shlat Arón! An bhfeiceann tú anois an fáth ar chuir Dia bláthanna ag fás ar shlat Arón?