Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 48
  • Muintir Ghibeon

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Muintir Ghibeon
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Iósua agus na Gibeónaigh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Seasann an Ghrian sa Spéir
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 48

SCÉAL 48

Muintir Ghibeon

FÁIGHEANN go leor de na cathracha i gCa’naan réidh anois chun troid in aghaidh Iosrael. Ceapann siad gur féidir leo buachaint. Ach ní cheapann na daoine atá i gcathair chóngarach Ghibeon é seo. Creideann siad go bhfuil Dia ag cabhrú leis na hIosraelítigh agus níl siad ag iarraidh troid in aghaidh Dé.

Socraíonn na Gibeonaítigh cuir i gcéill go gcónaíonn siad in áit éigin eile i bhfad ó láthair. Cuireann cuid de na fir éadach gioblach orthu féin. Cuireann siad málaí caite ar a gcuid asail, agus tugann siad leo arán atá sean, tirim. Ansin téann siad go dtí Iosua agus deireann siad: ‘Thánagamar ón gcoigríoch. Chuala muid faoi chlú bhur nDia, Iehobhah. Chuala muid faoin méid a rinne sé daoibh san Éigipt. Derieann ár gceannairí leat: “Is muide do shearbhóntaí. Geall dúinn nach gcuirfidh tú cogadh orainn.” Feiceann tú go bhfuil ár gcuid éadaí caite tar éis an aistir fada agus ár gcuid aráin fáighte sean agus tirim.’

Creideann Iosua agus na taoisigh eile na Gibeonaítigh. Mar sin tugann siad geallúint dóibh nach dtroidfidh siad iad. Ach trí lá níos deireanaí, nuair a tugtar le fios dóibh go gcónaíonn na Gibeonaítigh gar i ndáiríre, fiafraíonn Iosua díobh: ‘Cén fáth go ndúirt sibh linn go dtáinig sibh as tír i bhfad i gcéin?’

Freagraíonn siad: ‘Rinneamar mar sin mar gur dúradh linn gur gheall bhur nDia, Iehobhah, talamh Cha’naan ar fad a thabhairt daoibh. Mar sin bhí faitíos orainn go maródh sibh muid.’ Ach ní bhriseann na hIosraelítigh a ngeallúint. Ní mharaíonn siad na Gibeonaítigh, ach déanann siad searbhóntaí díobh.

Tá fearg ar rí Iarusailéim mar go ndearna na Gibeonaítigh síocháin le hIosrael. Mar sin deireann sé le cheithre rí eile: ‘Tar agus cabhraigh liom troid in aghaidh Ghibeon.’ Déanann siad sin. Céard a thárlóidh do na Gibeonaítigh anois? De bharr síocháin a dhéanamh le hIosrael tá na chúig rí seo ina gcoinne!

Iósua 9:1-27; 10:1-5.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn