Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 49
  • Seasann an Ghrian sa Spéir

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Seasann an Ghrian sa Spéir
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Iósua agus na Gibeónaigh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Muintir Ghibeon
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 49

SCÉAL 49

Seasann an Ghrian sa Spéir

FÉACH ar Iosua. Tá sé ag rá: ‘Ná bog, a ghrian!’ Agus ní bhogann sí. Fanann sí díreach ansin i lár na spéire ar feadh lae iomláin. Iehobhah a dhéanann é. Ach cén fáth go bhfuil Iosua ag iarraidh go bhfanfadh an ghrian ag taitneamh?

Nuair a thosaíonn an cúigear rí i dtír Cha’naan ag troid in aghaidh na nGibeonaítigh, cuireann na Gibeonaítigh fear chuig Iosua ag iarraidh cabhrach. ‘Tar chugainn go tapaidh!’ a deireann sé. ‘Sábháil muid! Tá a bhfuil de ríthe i dtír na gcnoc tagtha chun troid in aghaidh do shearbhóntaí.’

Imíonn Iosua láithreach lena chuid fir troda. Nuair a thagann siad go dtí Gibeon, tagann eagla ar shaighdiúirí na gcúigear rí agus tosaíonn siad ag teitheadh. Ach cuireann Iehobhah clocha sneachta móra ag titim ón spéir, agus maraíonn na clocha sneachta níos mó saighdiúirí ná mar a mharaíonn fir troda Iosua.

Feiceann Iosua gur gearr go dtiocfaidh an ghrian faoi. Béidh sé dorcha agus éalóidh go leor de shaighdiúirí na gcúigear rí. Mar sin guíonn Iosua chuig Iehobhah agus deireann sé: ‘Ná bog, a ghrian!’ Nuair a fhanann an ghrian ag taitneamh, tá na hIosraelítigh in ann bua iomlán a fháil sa gcath.

Tá go leor ríthe eile i gCa’naan a bhfuil fuath acu do phobal Dé. Tógann sé thart ar sé bliana ar Iosua agus a arm 31 rí atá sa tír a chloí. Nuair atá sé seo déanta, roinneann Iosua talamh Cha’naan ar na ciníocha úd nach bhfuair aon talamh fós.

Imíonn na blianta. Fáigheann Iosua bás in aois 110 bliain. Fad is a mhaireann sé féin agus a cháirde, bíonn na daoine umhal do Iehobhah. Ach nuair a fháigheann siad bás, ní bhíonn na daoine umhal. Ansin bíonn na daoine i gcruachás. Teastaíonn cabhair Dé.

Iósua 10:6-15; 12:7-24; 14:1-5; Breithiúna 2:8-13.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn