SCÉAL 50
Beirt Bhan Mhisniúil
NUAIR a bhíonn na hIosraelítigh i gcruachás, déanann siad achainní ar Iehobhah. Freagraíonn Iehobhah iad tré cheannairí misniúla a thabhairt dóibh chun cabhrú leo. Tugann an Bíobla breithiúna ar na ceannairí seo. Ba é Iosua an chéad bhreitheamh agus ar chuid de na breithiúna a tháinig ina dhiaidh bhí Oitníéil, Éahud, agus Seamgar. Ach is mná beirt de na daoine a chabhraíonn le hIosrael. Debórá agus Iáél is ainm dóibh.
Is banfháidh í Debórá. Tugann Iehobhah eolas di faoin am atá le teacht agus insíonn sise do na daoine gach a ndeireann Iehobhah. Tá Debórá ina breitheamh freisin. Suíonn sí faoi chrann pailme ins an talamh cnocach agus tagann daoine chuici chun cabhair a fháil lena gcuid fadhbanna a réiteach.
San am seo is é Iabaín rí Cha’naan. Tá 900 carbad cogaidh aige. Tá a arm chomh láidir sin gur cuireadh ar go leor de na hIosrealítigh bheith mar shearbhóntaí ag Iabaín. Síseará an t-ainm atá ar cheannfort airm Iabaín.
Lá amháin cuireann Debórá fios ar an mBreitheamh Bárác, agus deireann sí leis: ‘Dúirt Iehobhah: “Tóg 10,000 fear agus treoraigh chuig Sliabh Tábór iad. Tabharfaidh mé Síseará chugat ansin. Agus tabharfaidh mé an bua duit ar féin agus ar a arm.”’
Deireann Bárác le Debórá: ‘Rachaidh mé má théann tusa in éineacht liom.’ Téann Debórá leis, ach deireann sí le Bárác: ‘Ní gheobhaidh tusa an chreidiúint as ucht an bua a fháil, mar is i lámha ban a chloífear Síseará.’ Sin mar a thárlaíonn.
Téann Bárác síos Sliabh Tábór chun castáil le saighdiúirí Síseará. Go tobann cuireann Iehobhah tuile ar siúl agus báitear go leor den námhaid. Ach éiríonn le Síseará teitheadh.
Tagann Síseará go dtí puball Iáéil. Iarrann sí isteach é agus tugann sí bainne dó. Cuireann sé seo codladh air agus is gearr go mbíonn sé ina chodladh go sámh. Ansin tógann Iáél pionna pubaill agus buaileann sí isteach ina chloigeann é. Nuair a thagann Bárác taispeáineann sí Síseará marbh dó.
Sa deireadh maraítear Iabaín freisin, agus bíonn síocháin ag na hIosraelítigh arís ar feadh tamaill.