SCÉAL 52
Rí Chéad Fear Ghideon
CÉARD atá ag tárlú anseo? Is fir troda de chuid Iosraeil iad seo go léir. Tá na fir atá cromtha síos ag ól deoch. Is é an Breitheamh Gid’e·on an fear atá ina sheasamh in aice leo. Tá sé ag faire ar an gcaoi a n-ólann siad an t-uisce.
Tá cuid acu ag cuir a n-aghaidh síos chomh fada leis an uisce. Ach tá duine amháin ag tógáil uisce suas ina chuid lámha, sa gcaoi is gur féidir leis a bheith ag faire ar a bhfuil ag tárlú timpeall air. Tá sé seo tabhachtach mar dúirt Iehobhah le Gid’e·on gan a roghnú ach na fir atá ar aire agus iad ag ól. Dúirt Dia an chuid eile acu achuir abhaile. Meastú cén fáth?
Tá na hIosraelítigh i gcruachás arís. Sé an chúis atá leis ná go raibh siad easumhal do Iehobhah. Tá smacht ag muintir Mhid’i·an orthu agus tá siad dá ngortú. Mar sin impíonn na hIosraelítigh ar Iehobhah cabhrú leo. Cloiseann Iehobhah iad.
Deireann Iehobhah le Gid’e·on arm a fháil agus cruinníonn Gid’e·on 32,000 fear troda. Ach tá arm 135,000 ag teacht ina n-aghaidh. Ach fós deireann Iehobhah le Gid’e·on: ‘Tá an iomarca fir agat.’ Cén fáth go ndúirt Iehobhah é sin?
Mar dá mbuafadh Iosrael an cogadh, b’fhéidir go gceapfaidís gur bhuaigh siad uathu féin é, gan cabhair Iehobhah. Mar sin deireann Iehobhah le Gid’e·on: ‘Abair leis na fir ar fad a bhfuil eagla orthu dul abhaile,’ Nuair a dhéanann Gid’e·on é seo téann 22,000 fear troda abhaile. Ní fhágann sé seo aige ach 10,000 fear chun troid in aghaidh an 135,000 saighdiúr sin ar fad.
Ach éist! Deireann Iehobhah le Gid’e·on na fir a chuir ag ól as an sruthán seo agus ansin na daoine ar fad a chuireann a n-aghaidh síos go dtí an t-uisce chun deoch a ól, a chuir abhaile. ‘Tabharfaidh mé an bua duit leis an 300 fear a choinnigh ag faire an fhad is a bhí siad ag ól,’ geallann Iehobhah.
Cuireann Gid’e·on a thrí chéad fear i dtrí ghrúpa. Tugann sé adharc do gach fear agus crúsca le tóirse istigh ann. Nuair atá sé timpeall an mheán óiche cruinníonn siad ar fad thart ar champa an námhad. Ansin, séideann siad a n-adharca ag an am chéann, briseann siad a gcrúscaí agus béiceann siad: ‘Claíomh Iehobhah agus Ghid’e·on!’ Dúisíonn saighdiúirí an námhad agus ritheann siad le mearbhall agus faitíos orthu. Buann na hIosraelítigh an chath.
Breithiúna caibidil 6 go dtí 8.