Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 54
  • An Fear is Láidre

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Fear is Láidre
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Láidríonn Iehova Samsón
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Cuir Muinín In Iehova, Mar a Rinne Samsón
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 54

SCÉAL 54

An Fear is Láidre

AN BHFUIL fhios agat ainm an fhir is láidre dar mhair riamh? Ba breitheamh é arbh ainm dó Samsón. Is é Iehobhah a thugann a neart do Shamsón. Fiú sular rugadh Samsón, dúirt Iehobhah lena mháthair: ‘Is gearr go mbéidh mac agat. Tógfaidh sé ceannas chun Iosrael a shábháilt ó na Fi·lis’tínigh.’

Is drochdhaoine iad na Fi·lis’tínigh a chónaíonn i gCa’naan. Tá go leor fir troda acu agus gortaíonn siad na hIosraelítigh go mór. Lá amháin agus Samsón ar a bhealach go dtí áit cónaithe na bhFi·lis’tíneach castar leon mór leis. Ach maraíonn Samsón an leon lena dhá láimh. Maraíonn sé na céadta Fi·lis’tíneach freisin.

Níos deireanaí titeann Samsón i ngrá le cailín arbh ainm di Delílá. Geallan na Fi·lis’tínigh 1,100 píosa airgid do Delílá ach inseacht dóibh céard a thugann a neart do Shamsón. Tá an-dúil ag Delílá san airgead sin ar fad. Ní fíorchara do Shamsón í, ná do phobal Dé. Mar sin fiafraíonn sí do Shamsón arís agus arís eile céard a thugann a neart dó.

Sa deireadh, insíonn Samsón rún a nirt do Delílá. ‘Níor bearradh mo chuid gruaige riamh,’ a deireann sé. ‘Ón am ar rugadh mé, roghnaigh Iehobhah mé le bheith mar shearbhónta speisialta aige ar a dtugtar Naizíreach. Dá mbearrfaí mo ghruaig chaillfinn mo neart.’

Nuair atá fhios ag Delílá é seo, cuireann sí ar Shamsón codladh ina hucht. Ansin glaíonn sí ar fhear chun a ghruaig a bhearradh. Nuair a dhúisíonn Samsón tá a neart ar fad imíthe. Tagann na Fi·lis’tínigh ansin agus tógann siad é. Cuireann siad amach a dhá shúil agus déanann siad a sclábhaí de.

Lá amháin bíonn ceiliúradh ag na Fi·lis’tínigh chun a ndia Dágón a adhradh, agus tógann siad Samsón as an bpríosún chun ceap magaidh a dhéanamh de. Idir an dá linn, tá gruaig Shamsón fásta arís. Deireann Samsón leis an mbuachaill atá i ngreim láimhe ann: ‘Lig dom teangmháil leis na colúin atá ag cothú an fhoirgnimh.’ Ansin guíonn Samsón chuig Iehobhah ag iarraidh neart. Glaíonn sé amach: ‘Lig dom bás a fháil leis na Fi·lis’tínigh.’ Tá 3,00o Fi·lis’tíneach ag an gceiliúradh agus nuair a lúbann Samsón é féin in aghaidh na gcolún titeann an fhoirgneamh agus maraítear na drochdhaoine seo ar fad.

Breithiúna cailbidil 13 go dtí 16.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn