Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 38 lth. 92-lth. 93 alt 2
  • Láidríonn Iehova Samsón

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Láidríonn Iehova Samsón
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Fear is Láidre
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cuir Muinín In Iehova, Mar a Rinne Samsón
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 38 lth. 92-lth. 93 alt 2
Brúnn Samsón na colúin i dteampall Dhágón agus titeann an teampall

CEACHT 38

Neartaíonn Iehova Samsón

Thosaigh cuid mhaith de na hIosraeilítigh ag adhradh na n-íol arís, mar sin lig Iehova do na Filistínigh seilbh a fháil ar a gcuid talún. Ach bhí roinnt Iosraeilítigh ann a raibh grá acu d’Iehova. Bhí Mánóach ar dhuine acu. Ní raibh clann ar bith air. Lá amháin chuir Iehova aingeal go dtí bean Mhánóach. Dúirt an t-aingeal léi: ‘Beidh mac agat. Sábhálfaidh sé na hIosraeilítigh ó na Filistínigh. Is Naizíreach a bheidh ann.’ An bhfuil a fhios agat cérbh iad na Naizírigh? Ba shearbhóntaí speisialta de chuid Iehova iad. Ní raibh cead ag na Naizírigh a ngruaig a bhearradh.

Le himeacht aimsire, rugadh mac do Mhánóach agus thug sé Samsón mar ainm air. Nuair a d’fhás Samsón suas, neartaigh Iehova é agus bhí sé an-láidir. Bhí sé in ann leon a mharú lena dhá láimh. Uair amháin mharaigh sé 30 Filistíneach leis féin. Bhí an ghráin ag na Filistínigh air agus bhí siad de shíor ag iarraidh é a mharú. Oíche amháin nuair a bhí Samsón ina chodladh i nGazá, chuaigh na Filistínigh go dtí geata na cathrach agus d’fhan siad ansin ag súil go maróidís ar maidin é. Ach d’éirigh Samsón i lár na hoíche agus chuaigh sé go dtí geata na cathrach. Tharraing sé an geata amach as an mballa. D’iompair sé an geata ar a ghuaillí an bealach ar fad go dtí barr sléibhe in aice le Heabrón!

Níos déanaí, chuaigh na Filistínigh go dtí Dilíleá, an cailín a raibh Samsón mór léi, agus dúirt siad léi: ‘Íocfaidh muid na mílte píosa airgid leat, má fhaigheann tú amach dúinn cén fáth a bhfuil Samsón chomh láidir. Tá muid ag iarraidh é a ghabháil agus é a chur i bpríosún.’ Dúirt Dilíleá go ndéanfadh sí mar a d’iarr siad, mar bhí dúil aici san airgead. Ní inseodh Samsón di, ar dtús, cén fáth a raibh sé chomh láidir. Ach bhí sí ag piocadh air nó gur inis sé di é. ‘Níor bearradh mo ghruaig riamh, mar is Naizíreach mé,’ a dúirt sé léi. ‘Má bhearrtar mo ghruaig, ní bheidh mé láidir níos mó.’ Rinne Samsón botún mór nuair a d’inis sé é sin di, nach ndearna?

Chuaigh Dilíleá go dtí na Filistínigh agus dúirt sí: ‘Tá a fhios agam cén fáth a bhfuil sé chomh láidir!’ Chuir sí Samsón ina chodladh ina hucht agus fuair sí duine lena ghruaig a bhearradh. Bhéic Dilíleá: ‘A Shamsón, tá na Filistínigh anseo!’ Dhúisigh Samsón, ach ní raibh sé láidir ní ba mhó. Rug na Filistínigh air, bhain siad radharc na súl dó, agus chaith siad sa bpríosún é.

Lá amháin bhí na mílte Filistíneach bailithe i dteampall a ndé, Dágón, agus iad ag béicíl: ‘Thug ár ndia Samsón ar lámh dúinn! Tugaigí amach anseo é agus beidh spraoi againn air.’ Chuir siad ina sheasamh idir dhá cholún é agus thosaigh siad ag magadh faoi. D’impigh Samsón: ‘Ó a Iehova, neartaigh mé uair amháin eile, más é do thoil é.’ Faoin am seo, bhí gruaig Shamsón fásta arís. Bhrúigh sé colúin an teampaill chomh maith is a bhí sé in ann. Thit an teampall go talamh. Maraíodh na daoine go léir a bhí sa teampall. Maraíodh Samsón freisin.

“Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.”—Filipigh 4:13

Ceisteanna: Cén fáth a raibh Samsón chomh láidir? Cén botún a rinne Samsón agus cén toradh a bhí air?

Breithiúna 13:1–16:31

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn