SCÉAL 62
Trioblóid i Dteach Dháibhí
TAR éis do Dháibhí tosnú ag rialú in Iarusailéim tugann Iehobhah an láimh in uachtar dá arm ar a náimhde. Gheall Iehobhah go dtabharfadh sé tír Cha’naan do na hIosraelítigh. Anois le cabhair Iehobhah ta an talamh ar fad a gealladh dóibh acu.
Is rialtóir maith é Dáibhí. Tá grá aige do Iehobhah. Ceann de na chéad rudaí a dhéanann sé tar éis Iarusailéim a ghabháil ná áirc chonartha Iehobhah a thabhairt ansin. Agus ba mhian leis teampall a thógáil chun é a chuir isteach ann.
Níos deireanaí déanann Dáibhí drochbhotún. Tá fhios ag Dáibhí nach bhfuil sé ceart rud a bhaineann le duine eile a thógáil. Ach tráthnóna amháin féachann sé síos ó dhíon a pháláis agus feiceann sé bean an-álainn. Bait·seab’a is ainm di agus is duine dá chuid saighdiúirí é a fear, Úiríá.
Teastaíonn Bait·seab’a chomh mór sin ó Dháibhí go dtugann sé chun a pháláis í. Tá a fear céile as baile ag troid. Déanann Dáibhí suirí léí agus níos deireanaí faigheann sí amach go bhfuil sí chun páiste a bheith aici. Tá an-imní ar Dháibhí agus cuireann sé scéala chuig ceannfort a airm, Ióáb, Úiríá a chuir chun tosaigh sa gcath, áit a marófar é. Nuair a maraítear Úiríá, pósann Dáibhí Bait·seab’a.
Tá an-fhearg ar Iehobhah le Dáibhí. Cuireann sé a shearbhónta Nátán chuige chun inseacht dó faoina pheacaí. Tá brón ar Dháibhí faoin rud a rinne sé, agus mar sin ní chuireann Iehobhah chun báis é. Ach deireann sé: ‘Mar go ndearna tú na drochrudaí seo, béidh go leor troblóide in do theach.’ Agus nach mór an trioblóid a bhíonn ag Dáibhí!
Ar dtús fáigheann mac Bhait·seab’a bás. Ansin fáigheann mac is sine Dháibhí, Amnón, a dheirfiúr Támar ina haonar agus déanann sé suirí léí le forneart.Tá Aib’seálóm, mac Dháibhí, chomh feargach sin go maraíonn sé Amnón. Níos deireanaí tugann Aib’seálóm go leor de na daoine ar a thaobh, agus déanann sé rí de féin. Sa deireadh buann Dáibhí agus maraítear Aib’seálóm.
Idir an dá linn, beirtear mac ar a dtugtar Sólamh do Bhait·seab’a. Le Dáibhí sean agus tinn triáileann Adóiníá rí a dhéanamh de féin. Deireann Dáibhí leis an sagart, Zádóc, ola a dhóirteadh ar chloigeann Shólaimh chun a thaispeáint go mbéidh Sólamh ina rí. Fáigheann Dáibhí bás in aois 70 bliain. Rialaigh sé 40 bliain. Anois tá Sólamh ina rí ar Iosrael.