SCÉAL 63
Sólamh an Rí Críonna
IS DÉAGÓIR é Sólamh nuair a déantar rí de. Tá grá aige do Iehobhah, agus leanann sé an chomhairle mhaith a thug a athair Dáibhí dó. Tá Iehobhah sásta le Sólamh, agus mar sin oíche amháin deireann sé leis i mbrionglóid: ‘A Shólaimh, céard ba mhaith leat go dtabharfainn duit?’
Leis sin freagraíonn Sólamh: ‘A Iehobhah mo Dhia, tá mé an-óg agus níl fhios agam le rialú. Mar sin tabhair críonnacht dom chun do phobal a rialú i gceart.’
Tá Iehobhah sásta le iarratas Shólaimh. Tugann Iehobhah níos mó críonnacht dó ná mar a bhí ag éinne dár mhair riamh. Deireann Iehobhah: ‘Ach tabharfaidh mé an rud nár iarr tú duit freisin, saibhreas agus glóir araon.’
Tagann beirt bhan chuig Sólamh le fadhb dheacair. ‘Cónaíonn an bhean seo agus mé féin sa teach céanna,’ a mhíníonn duine acu. ‘Rug mise mac, agus dhá lá ina dhiaidh sin rug sise mac freisin. Ansin oíche amháin fuair a mac sise bás. Ach le linn dom a bheith in mo chodladh, chuir sí a páiste marbh le mo thaobh agus thóg sí mo pháiste. Nuair a dhúisigh mé agus a d’fhéach mé ar an bpáiste chonaic mé nárbh liom féin é.’
Leis sin deireann an bhean eile: ‘Is liomsa an páiste beo, agus is léíse an páiste marbh!’ Freagraíonn an chéad bhean: ‘Is leatsa an páiste marbh!’ Freagraíonn an chéad bhean: ‘Is leasta an páiste marbh, agus is liomsa an páiste beo!’ Mar seo a bhíonn na mná ag argóint. Céard a dhéanfaidh Sólamh?
Cuireann sé fios ar chaíomh, agus deireann sé: ‘Gearr an páiste i dhá leath agus tabhair leath do gach aon bhean.’
‘Ná déan!’ a chaoineann an mháthair cheart. ‘Le do thoil má maraigh an páiste. Tabhair di é!’ Ach deireann an bhean eile: ‘Ná tabhair; ar aghaidh leat agus gearr ina dhá leath é.’
Labhraíonn Sólamh: ‘Ná maraigh an páiste! Tabhair don chéad bhean é. Ise an mháthair cheart.’ Tá fhios ag Sólamh é seo mar go ngráíonn an mháthair cheart an páiste chomh mór sin go bhfuil sí sásta é a thabhairt don bhean eile chun nach marófar é. Nuair a chloiseann na daoine faoin gcaoi ar réitigh Sólamh an fhadhb, tá áthas orthu go bhfuil rí chomh críonna sin orthu.
Le linn réim Shólaimh, beannaíonn Dia na daoine tré neart eorna, finiúna, figí agus bia eile a chuir ag fás. Caitheann na daoine éadaí breátha agus cónaíonn siad i dtíthe maithe. Tá fuílleach de gach rud maith ann do gach duine.