Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • hf cuid 6 leathanaigh 18-21
  • An tAthrú a Thagann de Bharr Saolú Clainne

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An tAthrú a Thagann de Bharr Saolú Clainne
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • 1 AN CHAOI A nATHRAÍONN LEANBH DO SHAOL
  • 2 NEARTAÍGÍ BHUR gCAIDREAMH
  • 3 AG OILIÚINT DO LINBH
  • Pósadh Sona le Cabhair Ó Dhia
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
hf cuid 6 leathanaigh 18-21
Banaltra ag tabhairt linbh nuabheirthe dá thuismitheoirí

CUID 6

An tAthrú a Thagann de Bharr Saolú Clainne

“Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann.”—Salm 127:3

Is féidir le saolú linbh ardú meanman a thabhairt do lánúin agus ar an lámh eile lag mhisneach a chur orthu. Nuair a bheidh an chéad duine clainne agaibh, tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil formhór bhur gcuid ama agus fuinnimh, á chaitheamh ag tabhairt aire don leanbh. Is féidir le heaspa codlata agus athruithe ar mhothúcháin brú a chur ar bhur gcaidreamh. Beidh ort féin agus ar do chéile athruithe a dhéanamh chun aire a thabhairt do bhur leanbh agus bhur bpósadh a bhuanú. Cén chaoi ar féidir le comhairle an Bhíobla cabhrú libh?

1 AN CHAOI A nATHRAÍONN LEANBH DO SHAOL

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách.” Ní bhíonn an grá “leithleasach, míchéadfach.” (1 Corantaigh 13:4, 5) Tá sé nádúrtha croí agus anam na máthar a bheith sa chéad leanbh a shaolaítear di. D’fhéadfadh sé go n-aireodh d’fhear céile go bhfuil faillí á dhéanamh airsean áfach, mar sin ná déan dearmad go dteastaíonn d’aird uaidhsean freisin. Le foighne agus cineáltas, is féidir leat a chur in iúl dó go bhfuil ról lárnach aige i gcúram bhur linbh.

Tugannn athair cúnamh an leanbh a bheathú, agus tugann sé aire dó san oíche

“A fheara . . . déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí.” (1 Peadar 3:7) Tuig go mbeidh do bhean chéile ag úsáid an chuid is mó dá cuid fuinnimh ag tabhairt aire do bhur leanbh. D’fhéadfadh sí a bheith trína chéile. B’fhéidir go mbeadh sí corraithe leat fiú, ach déan iarracht srian a choinneáil ort féin, mar “is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge.” (Seanfhocail 14:29) Bí tuisceanach agus tabhair di an tacaíocht a theastaíonn uaithi.—Seanfhocail 16:32.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Aithreacha: Cabhraigh le do bhean chéile le haire a thabhairt don leanbh, fiú amháin san oíche. Cuir teorainn leis an méid ama a chaitheann tú ag déanamh rudaí eile agus caith níos mó ama le do bhean agus le bhur leanbh

  • Máithreacha: Nuair a thairgeann d’fhear céile cabhair a thabhairt duit leis an leanbh, glac lena chabhair. Mura ndéanann sé i gceart é, ná bí ag casaoid, ach taispeáin dó go cineálta an chaoi lena dhéanamh

2 NEARTAÍGÍ BHUR gCAIDREAMH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Déanann aon fheoil amháin díobh.” (Geineasas 2:24) Cé go bhfuil leanbh nua sa chlann, cuimhnigh go bhfuil tú féin agus do chéile fós mar “aon fheoil amháin.” Déanaigí gach iarracht bhur gcaidreamh a choinneáil láidir.

A bhean chéile, bí buíoch as ucht na cabhrach agus na tacaíochta a fhaigheann tú ó d’fhear céile. Is féidir le binneas béil a bheith ina chneasú. (Seanfhocail 12:18) A fhir chéile, cuir in iúl do ghrá agus do mheas do do bhean chéile. Mol í mar gheall ar an gcaoi a dtugann sí aire don teaghlach.—Seanfhocail 31:10, 28.

“Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.” (1 Corantaigh 10:24) Bí ar mhaithe le do chéile i gcónaí. Mar lánúin, cuirigí am ar leataobh le caint le chéile, moladh a thabhairt, agus éisteacht le chéile. Bígí neamhleithleach in bhur gcaidreamh collaí. Smaoinigh ar riachtanais do chéile. Deir an Bíobla: “Ná diúltaígí dá chéile ach amháin, b’fhéidir, ar feadh tamaill d’aontoil.” (1 Corantaigh 7:3-5) Mar sin déanaigí plé ar an ábhar seo go hionraic idir an bheirt agaibh féin. Neartóidh bhur bhfoighne agus bhur dtuiscint an caidreamh eadraibh.

Lánúin am ag caitheamh ama le chéile le linn don leanbh a bheith ina chodhladh

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Ná déan dearmad am a chur ar leataobh le caitheamh le chéile

  • Déan rudaí beaga anois agus arís a chuirfidh do ghrá do do chéile in iúl, ar nós nóta a scríobh nó bronntanas beag a thabhairt

3 AG OILIÚINT DO LINBH

Máthair ag léamh dá leanbh

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “[Tá] eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe.” (2 Tiomóid 3:15) Leag amach an chaoi a mhúinfidh tú do leanbh. Tá cumas iontach foghlamtha aige, fiú sula saolaítear é. Is féidir le do mhothúcháin dul i bhfeidhm air agus é fós sa bhroinn, agus is féidir leis do ghlór a aithint. Bí ag léamh dó agus é fós ina naíonán. Cé nach dtuigfidh sé an rud atá tú a léamh, cabhróidh sé leis taitneamh a bhaint as a bheith ag léamh nuair a bheidh sé níos sine.

Níl do leanbh ró-óg riamh le tú a chloisteáil ag caint faoi Dhia. Lig dó tú a chloisteáil ag guí chuig Iehova. (Deotranaimí 11:19) Fiú nuair a bhíonn sibh ag spraoi, labhair le do leanbh faoi na rudaí a chruthaigh Dia. (Salm 78:3, 4) De réir mar a théann do leanbh in aois, mothóidh sé do ghrá-sa do Iehova agus foghlaimeoidh sé féin le grá a bheith aige dó.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Guigh le heagna a fháil chun do leanbh a oiliúint

  • Déan athrá ar fhocail agus ar smaointe tábhachtacha le do leanbh ionas go dtosóidh sé ag foghlaim go luath

IS FÉIDIR LE LEANBH CUR GO MÓR LE SAOL PÓSTA

In imeacht ama, beidh tú féin agus do chéile níos muiníní mar thuismitheoirí agus beidh sibh níos compordaí. Is féidir le tógáil clainne dul i bhfeidhm ort agus tú a dhéanamh níos grámhaire, níos foighní, agus níos cineálta. Má oibríonn sibh as lámha a chéile agus má thugann sibh tacaíocht dá chéile, beidh bhur gcaidreamh níos treise de bharr leanbh a bheith agaibh. Is féidir leis an rud atá ráite i Salm 127:3 a bheith fíor fúibhse: “Is tuarastal é toradh na broinne.”

CUIR CEIST ORT FÉIN . . .

  • I rith na seachtaine seo caite, céard a rinne mé chun a thaispeáint go bhfuil mé buíoch as an méid a dhéanann m’fhear céile nó mo bhean chéile don teaghlach?

  • Cén uair dheireanach a labhair mé le mo chéile fúinne in áit a bheith ag caint faoinár leanbh?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn