CUID 1
Pósadh Sona le Cabhair Ó Dhia
“Chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil.”—Matha 19:4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn
Is é Iehovaa a rinne an chéad chleamhnas. De réir an Bhíobla rinne sé an chéad bhean agus “thug chun an duine í.” Bhí Ádhamh chomh lúcháireach sin gur chuir sé reacht filíochta as: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m’fheoil-se í.” (Geineasas 2:22, 23) Tá Iehova fós ag iarraidh go mbeidh daoine pósta sona sásta.
Nuair a phósann daoine is minic a cheapann siad go mbeidh gach rud ina cheart. Ach i ndáiríre, beidh fadhbanna ag lánúin phósta fiú nuair atá fíorghrá acu dá chéile. (1 Corantaigh 7:28) Sa bhróisiúr seo gheobhaidh tú prionsabail ón mBíobla, agus má chuirtear i bhfeidhm iad, is féidir leat pósadh agus teaghlach sona sásta a bheith agat.—Salm 19:9-12.
1 GLAC AN DUALGAS A CHUIR IEHOVA ORT
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Tá an fear céile ina cheann ar an teaghlach.—Eifisigh 5:23.
Más fear céile thú, tá Iehova ag súil go dtabharfaidh tú aire cheanúil do do bhean. (1 Peadar 3:7) Rinne sé í mar chéile cúnta duit agus tá sé ag iarraidh go mbeidh meas agat uirthi agus go mbeidh grá agus ómós agat di. (Geineasas 2:18) Caithfidh tú grá chomh mór sin a bheith agat do do bhean chéile go mbeidh tú sásta leas ise a chur roimh do leas féin.—Eifisigh 5:25-29.
Más bean chéile thú, tá Iehova ag súil go mbeidh ómós agat do d’fhear céile agus go dtabharfaidh tú cúnamh dó a dhualgas a chomhlíonadh. (1 Corantaigh 11:3; Eifisigh 5:33) Tabhair tacaíocht dó sna cinntí a dhéanann sé agus bí ag comhoibriú leis go hiomlán ó do chroí. (Colosaigh 3:18) Nuair a dhéanann tú é sin bíonn tú go hálainn mar dhuine i súile d’fhear céile agus i súile Iehova.—1 Peadar 3:1-6.
AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:
Fiafraigh de do chéile cén chaoi ar féidir leat a bheith níos fearr mar fhear céile nó mar bhean chéile. Éist go cúramach agus déan an méid is féidir leat chun feabhsú
Bí foighneach. Tógfaidh sé tamall ar an mbeirt agaibh foghlaim lena chéile a shásamh
2 BÍ AIRDEALLACH AR MHOTHÚCHÁIN DO CHÉILE
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Ní mór duit breathnú amach do leas do chéile. (Filipigh 2:3, 4) Caith le do chéile go huasal, mar go bhfuil Iehova ag iarraidh ar a shearbhóntaí a bheith “cineálta le cách.” (2 Tiomóid 2:24, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) ‘Tá duine ann ar geall le sá claímh a bhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.’ Mar sin, cuimhnigh go maith ort féin sula labhraíonn tú. (Seanfhocail 12:18) Tabharfaidh spiorad Iehova cabhair duit le labhairt go deisbhéalach, le cineáltas agus grá.—Galataigh 5:22, 23; Colosaigh 4:6.
AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:
Guigh chun Dé chun cabhair a fháil le bheith múinte agus le cluais éisteachta a thabhairt, sula bpléann tú cúrsaí tromchúiseacha le do chéile
Smaoinigh roimh ré ar an rud atá tú ag dul a rá agus ar an gcaoi a ndéarfaidh tú é
3 BÍGÍ AR AON INTINN
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: Nuair a phósann tú do chéile déantar “aon cholainn amháin” den bheirt agaibh. (Matha 19:5) Ach ag an am céanna is beirt phearsa ar leith sibh agus b’fhéidir go mbeadh tuairimí éagsúla agaibh ó am go chéile. Mar sin, caithfidh sibh foghlaim le bheith ar aon intinn agus le hoibriú as lámha a chéile. (Filipigh 2:2) Téigí i gcomhairle le chéile nuair atá cinneadh le déanamh. (Seanfhocail 20:18) Ní mór daoibh prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm nuair atá sibh ag déanamh cinntí tábhachtacha le chéile.—Seanfhocail 8:32, 33.
AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:
Cur in iúl go díreach na rudaí atá ar d’intinn agus an chaoi a n-airíonn tú
Téigh i gcomhairle le do chéile sula socraíonn tú ar aon ní
a Is é Iehova ainm Dé mar atá luaite sa Bhíobla.