CUID 2
Bígí Dílis dá Chéile
“An ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”—Marcas 10:9
Tá Iehova ag iarraidh orainn ardmheas a bheith againn ar dhílseacht. (Salm 18:26) Tá sé seo ríthábhachtach do do phósadh, mar mura bhfuil dílseacht ann ní bheidh aon mhuinín agaibh as a chéile. Agus tá muinín riachtanach chun borradh a chur faoin ngrá.
Níl an meas céanna ar dhílseacht sa phósadh inniu agus a bhíodh. Chun do phósadh a chosaint, tá dhá rud nach mór duit a dhéanamh.
1 TABHAIR TÚS ÁITE DO DO PHÓSADH
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “[Ná bígí] ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara.” (Eifisigh 5:15) Tá do phósadh ar cheann de na rudaí is tábhachtaí i do shaol. Tá tús áite tuillte aige.
Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh do chéile ar an té is tábhachtaí i do shaol agus go mbeidh “saol breá” agaibh. (Cóheilit 9:9) Déanann sé soiléir gur cheart daoibh araon a bheith ar mhaithe lena chéile. (1 Corantaigh 10:24) Caith le do chéile ar bhealach a thugann le fios dó nó di gur mór agat é nó í.
AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:
Déan cinnte go gcaithfidh sibh am le chéile go rialta agus ná lig cead do rud ar bith eile cuir isteach ar an am sin
Bí ag smaoineamh “orainne” in áit “ormsa”
2 COSAIN DO CHROÍ
AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.” (Matha 5:28) An té a leanann air ag smaoineamh ar rudaí mímhorálta, ar bhealach, bíonn sé mídhílis dá chéile.
Deir Iehova nach mór duit do chroí a fhaire. (Seanfhocail 4:23; Irimia 17:9) Chun é seo a dhéanamh caithfidh tú a bheith cúramach faoi chéard air a mbreathnaíonn tú. (Matha 5:29, 30) Lean dea-shampla an patrarc Iób, a rinne conradh lena shúile gan bean eile a shantú riamh. (Iób 31:1) Socraigh i d’intinn gan breathnú ar phornagrafaíocht riamh. Agus déan cinneadh gan comhluadar rómánsach a choinneáil le haon duine seachas do chéile.
AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:
Déan soiléir do chách go bhfuil caidreamh buan seasmhach agat le do chéile
Bí airdeallach ar an gcaoi a n-airíonn do chéile, agus cuir deireadh láithreach le haon chaidreamh a mbeadh do chéile míchompordach leis