Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • hf cuid 3 leathanaigh 9-11
  • An Bealach le Fadhbanna a Réiteach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bealach le Fadhbanna a Réiteach
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • 1 DÉAN PLÉ AR AN bhFADHB
  • 2 ÉIST AGUS TUIG
  • 3 DÉAN BEART DE RÉIR DO BHRIATHAIR
  • Bígí Dílis dá Chéile
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Pósadh Sona le Cabhair Ó Dhia
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Ag Coinneáil na Síochána le do Ghaolta
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Tar Éis na Bainise
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
hf cuid 3 leathanaigh 9-11
Éisteann fear lena bhean chéile agus í ag nochtadh a croí

CUID 3

An Bealach le Fadhbanna a Réiteach

“Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.”—1 Peadar 4:8

Agus tú féin agus do chéile ag tosú amach sa saol, beidh fadhbanna éagsúla ag teacht chun cinn. D’fhéadfadh na fadhbanna seo tarlú mar nach mar a chéile a bhreathnaíonn sibh ar an saol. Nó d’fhéadfaidís a theacht aniar aduaidh oraibh.

Bíonn sé an-éasca againn an dallamullóg a chur orainn féin, ach is í an chomhairle a chuireann an Bíobla orainn ná déileáil lenár bhfadhbanna. (Matha 5:23, 24) Gheobhaidh tú an réiteach is fearr ar do chuid fadhbanna trí phrionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm.

1 DÉAN PLÉ AR AN bhFADHB

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Tá a thráth ann don uile ghnó . . . tráth cainte.” (Cóheilit 3:1, 7) Déan cinnte go gcaithfidh sibh am ag caint faoin bhfadhb. Bí ionraic le do chéile i dtaobh an chaoi a n-airíonn tú agus an rud a cheapann tú faoin ábhar atá á phlé agaibh. Labhair go fírinneach le do chéile i gcónaí. (Eifisigh 4:25) Má bhíonn rud ag goilleadh go mór ort, coinnigh srian ort féin agus seachain an t-achrann. Nuair a fhreagraítear go deas réidh is féidir plé a dhéanamh ar rud gan é a bheith ina chogadh dearg eadraibh.—Seanfhocail 15:4; 26:20.

Fiú mura n-aontaíonn tú, bí suáilceach, deisbhéalach, agus ná déan dearmad grá agus meas a thaispeáint do do chéile. (Colosaigh 4:6) Déan iarracht an fhadhb a réiteach chomh luath agus is féidir, agus ná stopaigí ag caint lena chéile.—Eifisigh 4:26.

Déanann lánúin phósta plé ar fhadhb

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Socraigh am atá feiliúnach chun an fhadhb a phlé

  • Nuair atá agat a bheith ag éisteacht coinnigh srian ar do theanga agus ná cuir isteach ar an té atá ag caint. Gheobhaidh tusa deis labhartha chomh maith

2 ÉIST AGUS TUIG

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Bíodh grá . . . agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile.” (Rómhánaigh 12:10) Tá an bealach a n-éisteann tú an-tábhachtach. Déan iarracht dearcadh do chéile a thuiscint go báúil agus le humhlaíocht. (1 Peadar 3:8; Séamas 1:19) Ná bí ag ligean ort féin go bhfuil tú ag éisteacht agus gan tú ag éisteacht ar chor ar bith. Nuair is féidir, fág an méid atá á dhéanamh agat agus tabhair aird iomlán ar do chéile, nó cuir ceist an féidir leat é seo a phlé níos déanaí. Má smaoiníonn tú ar do chéile pósta mar do chara cléibh seachas do chéile comhraic, ní bheidh tú “taghdach.”—Cóheilit 7:9.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Bíodh cluas le héisteacht ort i gcónaí, fiú mura maith leat an rud atá tú a chloisteáil

  • Éist leis an mbrí atá le baint as an méid atá ráite. Tabhair suntas d’iompar agus do ghlór do chéile

3 DÉAN BEART DE RÉIR DO BHRIATHAIR

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.” (Seanfhocail 14:23) Tá níos mó i gceist ná aontú ar réiteach na faidhbe. Ní mór don bheirt agaibh cloí leis an réiteach sin. B’fhéidir go dtógfadh sé seo obair chrua agus tréaniarracht, ach is fiú é. (Seanfhocail 10:4) Má oibríonn sibh as lámha a chéile beidh “tuarastal maith” agaibh de bharr bhur gcuid iarrachtaí.—Cóheilit 4:9.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Socraigh eadraibh féin céard atá sibh ag dul a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach

  • Ó am go chéile, déan measúnú ar an dul chun cinn atá dhá dhéanamh

TÉIGÍ I nGLEIC LEIS NA FADHBANNA LE CHÉILE

Trí oibriú as lámha a chéile, is féidir libh a chinntiú go mbeidh bhur bpósadh láidir agus sona seachas a bheith lag agus anróiteach. (Seanfhocail 24:3) Bígí ag breathnú chun cinn agus an rud atá thart bíodh sé thart. (Seanfhocail 17:9) Nuair a bhíonn sibh ag comhoibriú lena chéile agus ag cur i bhfeidhm prionsabail an Bhíobla, is féidir libh aon fhadhb a réiteach go sásúil.

CUIR CEIST ORT FÉIN . . .

  • Céard í an fhadhb is práinní a theastaíonn uaim a phlé le mo chéile?

  • Céard is féidir liom a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-airíonn mo chéile faoin bhfadhb?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn