Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • hf cuid 5 leathanaigh 15-17
  • Ag Coinneáil na Síochána le do Ghaolta

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ag Coinneáil na Síochána le do Ghaolta
  • Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • 1 COTHAIGH DEARCADH CEART I LEITH DO GHAOLTA
  • 2 BÍ DIONGBHÁILTE NUAIR IS GÁ
  • Bígí Dílis dá Chéile
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Pósadh Sona le Cabhair Ó Dhia
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
  • Tar Éis na Bainise
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • An Bealach le Fadhbanna a Réiteach
    Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta
hf cuid 5 leathanaigh 15-17
Breathnaíonn máthair chéile le dímheas ar shlí chócaireachta bean a mic

CUID 5

Ag Coinneáil na Síochána le do Ghaolta

“Cuirigí oraibh mar sin . . . trócaire, cineáltas, ceansacht, agus foighne.”—Colosaigh 3:12, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn

Nuair a phósann fear agus bean bunaítear teaghlach nua. Cé go mbeidh grá agus ómós go deo agat do do thuismitheoirí, is é/í do chéile an té is tábhachtaí ar domhan duitse anois. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair ag cuid de do ghaolta glacadh leis seo. Ach is féidir le prionsabail an Bhíobla cabhrú leat an tsíocháin a choinneáil le do ghaolta, agus tú ag obair go crua chun do theaghlach nua féin a neartú.

1 COTHAIGH DEARCADH CEART I LEITH DO GHAOLTA

Lánúin ag caitheadh ama in éineacht lena gcuid tuismitheoirí

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair” (Eifisigh 6:2, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Is cuma cén aois thú, caithfidh tú onóir agus ómós a bheith agat do do thuismitheoirí. Tuig freisin go gcaithfidh do chéile, mar mhac nó iníon, am a thabhairt dá thuismitheoirí nó dá tuismitheoirí. “Ní bhíonn an grá éadmhar,” mar sin ná cuirfeadh an caidreamh atá ag do chéile leo isteach ort.—1 Corantaigh 13:4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn; Galataigh 5:26.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Ná bí ag rá rudaí áiféiseacha ar nós “Bíonn do chlann de shíor do mo cháineadh” nó “ní bhíonn aon mheas ag do mháthair riamh ar an rud a dhéanaim”

  • Déan iarracht breathnú ar rudaí ó thaobh do chéile de

2 BÍ DIONGBHÁILTE NUAIR IS GÁ

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.” (Geineasas 2:24) Cé go bhfuil tú pósta, b’fhéidir go n-airíonn do thuismitheoirí go bhfuil siad freagrach asat i gcónaí agus go bhfuil siad ag iarraidh níos mó bainte a bheith acu le do phósadh ná mar ba cheart dóibh.

Tá sé suas duitse agus do do chéile aontú ar na teorainneacha a leagfaidh sibh síos dóibh. Is féidir leat labhairt leo go hoscailte agus go díreach gan a bheith mímhúinte. (Seanfhocail 15:1) Cabhróidh uirísle, láíocht agus foighne libh caidreamh grámhar a chothú le bhur ngaolta agus a bheith “carthanach le chéile.”—Eifisigh 4:2.

Fear agus bean ag comhrá lena chéile; tugann lánúin bronntannas dá gcuid dtuismitheoirí

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Má cheapann tú go bhfuil do ghaolta ag cur a ladar i do ghnóthaí, roghnaigh am caoithiúil chun é a phlé le do chéile

  • Tagaigí ar chomhaontú maidir leis an gcaoi a réiteoidh sibh na fadhbanna seo

BÍ TUISCEANACH

Tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú mothúcháin agus dearcadh do thuismitheoirí. Ní ag iarraidh dochar a dhéanamh atá siad. Is ar mhaithe libh atá siad. B’fhéidir go bhfuil sé deacair ag do thuismitheoirí glacadh leis gur teaghlach neamhspleách tú féin agus do chéile. D’fhéadfadh sé go n-airíonn siad tréigthe. Ach trí phrionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm agus cumarsáid oscailte a bheith eadraibh, beidh tú in ann onóir a thaispeáint do do thuismitheoirí agus pósadh láidir a bheith agat ag an am céanna.

CUIR CEIST ORT FÉIN . . .

  • Cén fáth a bhfuil sé nádúrtha go mbeadh suim ag tuismitheoirí mo chéile inár bpósadh?

  • Cén chaoi ar féidir liom tús áite a thabhairt do mo chéile, agus ag an am céanna, meas a thaispeáint do mo thuismitheoirí?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn