SCÉAL 64
Tógann Sólamh an Teampall
SULAR bhásaigh Dáibhí, thug sé na pleananna ó Dhia le haghaidh teampall Iehobhah a thógáil do Shólamh. Sa gceathrú bliain dá réim, tosaíonn Sólamh ar an teampall, agus tógann sé seacht mbliana go leith é a chríochnú. Oibríonn na deicheanna de mhílte fear air. Cosnaíonn an fhoirgneamh go leor airgid mar go n-úsáidtear oiread sin ór agus airgead sa bhfoirgneamh féin.
Tá dhá phríomh sheomra sa teampall, mar a bhí sa taibearnacail. Ach tá na seomraí seo faoi dhó chomh mór le seomraí an taibearnacail. Cuireann Sólamh áirc an chonartha sa seomra taobh istigh agus na rudaí eile a coinníodh sa taibearnacail sa seomra eile.
Nuair a críochnaítear an teampall bíonn ceiliúradh mór ann. Téann Sólamh ar a ghlúine ós comhair an teampaill agus guíonn sé: ‘Níl na flaithis féin sách mór chun thú a choinneáil, nach lú ná sin a bheadh an teampall seo in ann thú a choinneáil. Ach, mo Dhia, le do thoil éist le do phobal nuair a ghuíonn siad i dtreo na háite seo.’
Nuair a chríonchnaíonn Sólamh a phaidir, dóigheann tine as na flaithis na hainmhithe a bhí tugtha mar íobairt. Líonann solas geal ó Iehobhah an teampall. Taispeáineann sé seo go ghfuil Iehobhah ag éisteacht, agus go bhfuil sé sásta leis an teampall agus le paidir Shólaimh. Is go dtí an teampall in ionad an taibearnacail a thagann na daoine chun Dia a adhradh anois.
Ar feadh tamall fada rialaíonn Sólamh le críonnacht agus bíonn na daoine sona. Ach pósann Sólamh mná ón iasacht nach n-adrann Iehobhah. Sa deireadh cuireann a chuid mná ar Shólamh na déithe bréige seo a adhrann siad féin a adhradh. An bhfuil fhios agat céard a thárlaíonn nuair a dhéanann Sólamh é seo? Ní chaitheann sé go maith leis na daoine. Bíonn sé crúálach agus ní bhíonn na daoine sona níos mó.
Cuireann sé seo fearg ar Iehobhah agus deireann sé le Sólamh: ‘Tógfaidh mé uait an ríocht agus tabharfaidh mé d’fhear eile í. Ní dhéanfaidh mé le do linnse é, ach le linn réim do mhic. Ach ní thógfaidh mé pobal na ríochta ar fad uaidh.’ Cén chaoi a dtárlaíonn sé seo?