SCÉAL 74
Fear gan Faitíos
FÉACH ar na daoine ag magadh faoin bhfear óg seo. An bhfuil fhios agat cé hé féin? Seo é Irimia, duine mór le rá d’fháithe Dé.
Go gairid tar éis do Rí Ióisíá tosnú ag scrios na híola as an tír, deireann Iehobhah le Irimia a bheith mar fháidh Aige. Ceapann Irimia, áfach, go bhfuil sé ró-óg le bheith in fháidh. Ach deireann Iehobhah go dtabharfaidh Seiseann cúnamh dó.
Deireann Irimia leis na hIosraelítigh éirí as déanamh an oilc, agus adhradh na ndéithe bréige. Ach b’fhearr le mórán Iosraelítigh íola a adhradh ná an fíor Dhia Iehobhah a adhradh. Nuair a deireann Irimia leis na daoine go gcuirfidh Dia píonós orthu mar gheall ar a n-olcas, déanann siad gáire faoi.
Imíonn na blianta. Fáigheann Ióisíá bás agus trí mhí ina dhiaidh déantar rí dá mhac Iahói’ácaím. Leanann Irimia ag inseacht do na daoine: ‘Scriosfar Iarusailéim mura n-athróidh sibh.’ Beireann na sagairt ar Irimia agus béiceann siad: ‘Ba cheart thú a chuir chun báis faoi na rudaí seo a rá.’ Ansin deireann siad le prionsaí Iosrael: ‘Ba cheart Irimia a mharú.’
Céard a dhéanfaidh Irimia anois? Níl faitíos air! Deireann sé leo ar fad: ‘Chuir Iehobhah chugaibh mé chun na rudaí seo a rá libh. Mura n-athróidh sibh bhur ndrochnósa maireachtála, scriosfaidh Iehobhah Iarusailéim. Ach bí cinnte de seo: má mharaíonn sibh mé, maróidh sibh fear nach ndearna aon éagóir.’
Ligeann na prionsaí do Irimia maireachtáil, ach ní athraíonn na hIosraelítigh. Níos deireanaí tagann Nabúcad·naz’ar, rí na Baibealóine agus troideann sé in aghaidh Iarusailéim. Déanann sé searbhóntaí dó féin as na hIosraelítigh. Tugann sé na mílte acu go Baibealón. Cén chaoi a n-aireofása dá dtabharfadh strainséaraí leo thú go dtí tír iasachta?