Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 57 lth. 138-lth. 139 alt 1
  • An Fáidh Irimia

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Fáidh Irimia
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Fear gan Faitíos
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 57 lth. 138-lth. 139 alt 1
Déanann Irimia smidiríní de chrúsca cré os comhair na seanóirí

CEACHT 57

An Fáidh Irimia

Roghnaigh Iehova Irimia le bheith ina fháidh ag muintir Iúdá. Dúirt sé leis fógairt ar na daoine éirí as na drochrudaí a bhí siad a dhéanamh. Dúirt Irimia: ‘Ach a Iehova, níl ionam ach buachaill. Níl a fhios agam cén chaoi le labhairt leis na daoine.’ Dúirt Iehova leis: ‘Ná bíodh eagla ort. Cabhróidh mise leat. Inseoidh mé duit céard a déarfaidh tú.’

Dúirt Iehova le hIrimia na seanóirí a bhailiú le chéile, smidiríní a dhéanamh de chrúsca cré os a gcomhair, agus a rá leo: ‘Is mar seo a dhéanfar smidiríní d’Iarúsailéim.’ Chuir an méid a dúirt Irimia an-fhearg ar na seanóirí. Bhuail sagart darbh ainm Paischiúr é agus cheangal sé le glas adhmaid é. Ní raibh Irimia in ann corraí ar feadh na hoíche. Scaoil Paischiúr leis ar maidin. Dúirt Irimia: ‘Níl mé in ann é seo a sheasamh níos mó. Tá mé chun éirí as an gcraobhscaoileadh.’ Ach ar stop sé? Níor stop. Nuair a chuimhnigh Irimia arís air féin dúirt sé: ‘Tá teachtaireacht Iehova mar a bheadh tine i mo chroí. Níl mé in ann stopadh ag craobhscaoileadh.’ Lean Irimia air ag fógairt ar na daoine.

In imeacht na mblianta tháinig rí nua ar Iúdá. Bhí an ghráin ag na sagairt agus ag na fáithe bréige ar theachtaireacht Irimia. Dúirt siad leis na prionsaí: ‘Tá an bás tuillte ag an bhfear seo.’ Dúirt Irimia: ‘Má mharaíonn sibh mise, beidh sibh ag marú fear atá neamhchiontach. Is iad briathra Iehova atá mé ag labhairt, agus ní mo bhriathra féin.’ Nuair a chuala na prionsaí é sin, dúirt siad: ‘Níl an bás tuillte ag an bhfear seo.’

Lean Irimia air ag craobhscaoileadh, agus bhí na prionsaí ar buile leis. D’iarr siad ar an rí Irimia a chur chun báis. Dúirt an rí go bhféadfaidís a rogha rud a dhéanamh leis. Thóg siad Irimia agus chaith siad isteach i dtobar domhain a raibh láib ann é, ag súil go bhfaigheadh sé bás ann. Chuaigh Irimia á bhá sa láib.

Eibid Meilic agus an 30 fear ag tarraingt Irimia amach as an tobar

Ansin dúirt Eibid Meilic, oifigeach de chuid an pháláis, leis an rí: ‘Tá Irimia caite isteach i dtobar ag na prionsaí! Má fhágann muid ann é gheobhaidh sé bás.’ D’ordaigh an rí d’Eibid Meilic 30 fear a thabhairt leis agus Irimia a tharraingt amach as an tobar. Níor lig Irimia d’aon rud é a stopadh ó a bheith ag craobhscaoileadh. An bhfuil tusa cosúil le hIrimia?

“Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m’ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.”—Matha 10:22

Ceisteanna: Cén fáth a raibh Irimia umhal d’Iehova? Cé a rinne iarracht Irimia a stopadh ó a bheith ag craobhscaoileadh?

Irimia 1:1-19; 19:1-11; 20:1-13; 25:8-11; 26:7-16; 38:1-13

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn