SCÉAL 75
Buachaillí i Mbaibealón
TUGANN Rí Nabúchad·naz’ar na hIosraelítigh is léannta go Baibealón. Ansin roghnaíonn an rí na fir óga is dathúla agus is cliste ina measc. Seo ceathrar de na buachaillí anseo. Dainéil is ainm do dhuine acu agus tugann na Baibealónaigh Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó ar an triúr eile.
Tá sé i gceist ag an rí na fir óga a oiliúint chun freastal ina phálás. Tar éis trí bliana oileúna ní roghnóidh sé ach an chuid is cliste chun cabhrú leis fadhbanna a réiteach. Teastaíonn uaidh go mbeadh na buachaillí láidir folláin. Mar sin ordaíonn sé dá shearbhóntaí an bia agus an fhíon chéanna a chaitheann sé féin agus a theaghlach a thabhairt do na buachaillí ar fad.
An bhfuil fhios agat céard atá Dainéil a rá le príomh shearbhónta Nabúchad·naz’ar, Ais’pea·naz? Tá Dainéil ag rá leis nach dteastaíonn uaidh na rudaí blasta ó bhord an rí a ithe. Ach tá imní ar Ais’pea·naz. ‘Tá sé socraithe ag an rí céard a íosfaidh sibh,’ deireann sé. ‘Agus mura mbreathaíonn sibh chomh folláin leis na fir óga eile, d’fhéadfadh sé mise a mharú.’
Mar sin téann Dainéil go dtí an coiméadaí atá curtha i gceannas orthu ag Ais’pea·naz. ‘Le do thoil, cuir triáil orainn ar feadh 10 lá,’ deireann sé. ‘Tabhair glasraí le n-ithe dúinn agus uisce le n-ól. Ansin cuir i gcomparáid muid leis na fir óga atá ag ithe bia an rí. Féach cé againn is fearr a bhreathaíonn.’
Déantar é seo. Nuair atá na 10 lá thuas tá Dainéil agus a thriúr cáirde níos folláine ag breathnú ná an chuid eile. Mar sin ligean an coimeadaí dóibh leanacht orthu ag ithe glasraí in áit an rud a sholáthraíonn an rí.
Nuair atá trí bliana thuas tugtar na fir óga ar fad chuig Nabúcad·naz’ar. Tar éis labhairt leo ar fad, aithníonn an rí gurb é Dainéil agus a thriúr cáirde an chuid is cliste acu. Mar sin coinníonn sé iad chun cabhrú leis sa bpálás. Nuair a thugann an rí fadhb dheacair le réiteach do Dhainéil, Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó, bíonn a 10 n-oiread eolais acu is a bhíonn ag a chuid sagairt nó fir feasa.