SCÉAL 77
Ní Dhéanfaidís Umhlú
SEO iad na cáirde le Dainéil a dhiúltaigh an rud nach raibh go maith acu a ithe. Thug na Baibealónaigh Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó orthu. Ach féach anois orthu. Cén fáth nach bhfuil siad ag umhlú roimh an dealbh ollmhór seo ar nós gach duine eile?
An cuimhin leat na dlíthe a scríobh Iehobhah féin ar a dtugtar na Deich nAitheannta? Seo é an chéad cheann acu: ‘Ná adhraigí aon déithe eile ach mise.’ Tá na fir óga seo ag comhlíonadh an dlí seo, cé nach rud éasca le déanamh é.
Tá fios curtha ag Nabúcad·naz’ar, rí na Bailbealóine, ar a lán daoine mór le rá chun onóir a thabhairt don dealbh seo atá tógtha aige. Tá sé tar éis a rá leis na daoine ar fad: ‘Nuair a chloisfidh sibh fuaim na hadhairce, na cruite agus na ngléasanna ceoil eile, umhlóidh sibh agus adhrfaidh sibh an dealbh óir. Éinne nach n-umhlaíonn síos agus adhradh caithfear isteach i sorn te bruite láithreach iad.’
Nuair a chloiseann Nabúcad·naz’ar nár umhlaigh Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó, bíonn an-fhearg air. Cuireann sé fios orthu. Tugann sé seans eile dóibh umhlú. Ach cuireann na fir óga a muinín i Iehobhah. ‘Tá ár nDia, ar a ndéanann muide freastal, in ann muid a shábháil,’ deireann siad le Nabúcad·naz’ar. ‘Ach fiú mura sábháilfaidh sé sinn ní umhlóimid do do dhealbh óir.’
Nuair a chloiseann sé é seo méadaíonn fearg Nabúcad·naz’ar. Tá sorn in aice láimhe agus ordaíonn sé: ‘Déan an sorn seacht n-uaire níos teo ná mar a bhí sé cheanna!’ Ansin úsáideann sé na fir is láidre ina arm chun Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó a cheangal agus a chaitheamh isteach sa sorn. Tá an sorn chomh te sin go maraíonn na lasracha na fir láidre. Ach céard faoin triúr fear óg seo a chaíth siad isteach ann?
Féachann an rí isteach sa sorn, agus tagann eagla mhór air. ‘Nár cheangail muid triúr fear agus nár chaith muid isteach sa sorn te bruite iad?’ fiafraíonn sé.
‘Rinne muid sin,’ freagraíonn a shearbhóntaí.
‘Ach feicim ceathar fear ag siúl thart ins an tine,’ deireann sé. ‘Níl siad ceangailte suas ná níl an tine á ngortú. Agus tá cosúlacht diaga ar an gceathrú fear.’ Druideann an rí le doras an tsoirn agus glaonn sé: ‘A Shea’drac, a Mhéiseac, a Aibéid’néagó! Tar amach, a shearbhóntaí don Dia ró-árd!’
Nuair a thagann siad amach, tá gach duine in ann a fheiceáil nár gortaíodh iad. Ansin deireann an rí: ‘Go moltar Dia Shea’drac, Mhéiseac agus Aibéad’néagó! Chuir sé chucu a aingeal agus shábháil sé iad mar nach n-umhlóidís agus adhradh a thabhairt d’aon dia eile ach a nDia féin.’
Nach breá an sampla dílseachta do Iehobhah é seo le leanacht?