Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 61 lth. 146-lth. 147 alt 3
  • Níor Umhlaigh Siad Síos Don Íomhá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Níor Umhlaigh Siad Síos Don Íomhá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ní Dhéanfaidís Umhlú
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ríocht a Sheasfaidh go Deo
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Réamhrá Cuid 10
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Buachaillí i Mbaibealón
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 61 lth. 146-lth. 147 alt 3
Diúltaíonn Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó umhlú síos don íomhá óir

CEACHT 61

Níor Umhlaigh Siad Síos Don Íomhá

Tamall tar éis do Rí Nabúcadnazar brionglóid a bheith aige faoin dealbh, rinne sé íomhá ollmhór as ór. Shocraigh sé suas í ar mhachaire Dhúrá agus thug sé cuireadh do na daoine ba mhó le rá sa tír, Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó ina measc, teacht le chéile os comhair na híomhá. D’ordaigh an rí ansin: ‘Chomh luath is a chloisfidh sibh ceol na dtrumpaí, na gcláirseach agus na bpíob, caithfidh sibh umhlú síos don íomhá chun í a adhradh! Duine ar bith nach n-umhlóidh síos don íomhá caithfear isteach sa bhfoirnéis é.’ An raibh an triúr Eabhrach chun umhlú síos don íomhá, nó an raibh siad chun Iehova amháin a adhradh?

Ansin d’ordaigh an rí an ceol a chasadh. D’umhlaigh gach duine síos don íomhá, ach amháin Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó. Thug cuid de na fir é seo faoi deara agus dúirt siad leis an rí: ‘Dhiúltaigh an triúr Eabhrach an íomhá a adhradh.’ Chuir Nabúcadnazar fios orthu agus dúirt: ‘Tá mé chun seans eile a thabhairt daoibh. Mura n-adhrann sibh í tá mé chun sibh a chaitheamh isteach sa bhfoirnéis. Níl aon dia ann atá in ann sibh a thabhairt slán.’ D’fhreagair siad: ‘Ní theastaíonn seans eile uainn. Is féidir lenár nDia muid a thabhairt slán. Ach fiú mura dtabharfaidh, a Rí, ní adhrfaidh muid an íomhá.’

Tháinig fearg ar Nabúcadnazar. Dúirt sé lena chuid fear: ‘Déan an fhoirnéis seacht n-uaire níos teo ná mar a bhíonn sí de ghnáth!’ Ansin dúirt sé lena chuid saighdiúirí: ‘Ceangail na fir seo agus caith isteach sa bhfoirnéis iad!’ Bhí an fhoirnéis chomh te sin gur maraíodh na saighdiúirí ar an toirt nuair a chuaigh siad i ngar di. Thit an triúr Eabhrach isteach sa tine. Ach nuair a bhreathnaigh Nabúcadnazar isteach sa bhfoirnéis, chonaic sé ceathrar fear. Bhuail eagla é agus d’fhiafraigh sé dá chuid oifigeach: ‘Nach triúr fear a caitheadh sa tine? Tá mé ag feiceáil ceathrar, agus tá duine acu cosúil le haingil!’

Chuaigh Nabúcadnazar níos gaire den fhoirnéis agus d’fhógair sé: ‘Tagaigí amach, a shearbhóntaí an Dé is Airde!’ Bhí an-iontas ar gach duine Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó a fheiceáil ag siúl amach as an tine slán sábháilte. Níor dódh a gcraiceann, a gcuid gruaige, ná a gcuid éadaí, agus ní raibh boladh an deataigh féin uatha.

Dúirt Nabúcadnazar: ‘Is éachtach é Dia Sheadrac, Mhéiseac, agus Aibéid Neagó. Chuir sé aingeal chucu chun iad a thabhairt slán. Níl aon dia eile mar é.’

An mbeidh tusa dílis d’Iehova, pé rud a tharlóidh, cosúil leis an triúr Eabhrach?

Tá alltacht ar Rí Nabúcadnazar nuair a fheiceann sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó ag teacht slán ón tine

“Adharfaidh tú an Tiarna [Iehova] do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.”—Matha 4:10

Ceisteanna: Céard nach raibh Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó sásta a dhéanamh? Cén chaoi ar thug Iehova slán iad?

Dainéil 3:1-23; 3:91-97 (3:24-30 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn