Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 80
  • Fágann Pobal dé Baibealón

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fágann Pobal dé Baibealón
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Muinín i gCabhair Dé
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Scríobh ar an mBalla
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 80

SCÉAL 80

Fágann Pobal dé Baibealón

TÁ BEAGNACH dhá bhliain thart ó ghabh na Méidigh agus na Peirsigh Baibealón. Agus féach ar an rud atá ag tárlú anois! Sea, tá na hIosraelítigh ag fágáil na Baibealóine. Cén chaoi a bhfuair siad a saoirse? Cé scaoil bóthar leo?

Cíorais, rí na Peirse, a rinne é. I bhfad sular rugadh Cíorais, chuir Iehobhah ar a fháidh Íseáia scríobh faoi: ‘Déanfaidh tú díreach mar is mian liomsa. Béidh na geataí fágtha oscailte duit chun an chathair a ghabháil.’ Agus bhí Cíorais chun tosaigh i ngabháil na Baibealóine. Tháinig na Méidigh agus na Peirsigh isteach sa gcathair san oíche tré gheataí oscailte.

Ach dúirt fáidh Iehobhah freisin go dtabharfadh Cíorais an t-ordú Iarusailéim agus a teampall a thógáil arís. Ar thug Cíorais leis na hIosraelítigh: ‘Téigí, anois, go Iarusailéim agus tóg teampall Iehobhah, bhur nDia.’ Tá na hIosraelítigh seo ar a mbealach chun é sin a dhéanamh.

Ach níl na hIosraelítigh ar fad in ann an turas fada a dhéanamh ar ais go Iarusailéim. Is turas an-fhada é, thart ar 500 míle (800 ciliméadar) agus tá go leor róshean nó ró-thinn chun taisteal chomh fada sin. Tá fáthanna eile nach n-imíonn cuid acu. Ach deireann Cíorais leo siúd nach n-imíonn: ‘Tug airgead agus ór agus bronntanais eile do na daoine atá ag dul ar ais chun Iarusailéim agus a teampall a thógáil.’

Mar sin, tugtar a lán bronntanais do na hIosraelítigh seo atá ar a mbealach go Iarusailéim. Freisin tugann Cíorais dóibh na babhlaí agus na cupáin a thóg Nabúcad·naz’ar as teampall Iehobhah nuair a scrios sé Iarusailéim. Tá a lán rudaí le n-iompar ar ais leo ag na daoine.

Tar éis timpeall ceithre mhí taistil, sroicheann na hIosraelítigh Iarusailéim díreach ar an sprioc. Tá sé díreach 70 bliain ó scriosadh an chathair, agus ó fágadh an tír gan daoine. Cé go bhfuil siad ar ais ina dtír féin anois tá saol crua rompu, mar a fhoghlaimeoimid anois.

Íseáia 44:28; 45:1-4; Eazrá 1:1-11.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn