SCÉAL 81
Muinín i gCabhair Dé
DÉANANN beagnach 50,000 duine an turas fada ó Bhaibealón go Iarusailéim. Ach nuair a shroicheann siad Iarusailéim níl ann ach fothracha. Ní chónaíonn éinne ann. Bíonn ar na hIosraelítigh gach rud a thógáil arís.
Ceann de na chéad rudaí a thógann siad ná altóir. Áit é seo ar féidir leo bronntanais ainmhithe a thabhairt do Iehobhah. Cúpla mí níos deireanaí tosaíonn siad ag tógáil an teampall. Ach ní theastaíonn óna náimhde a chónaíonn i dtíortha timpeall orthu go dtógfadh na hIosraelítigh é. Triáileann siad eagla a chuir orthu chun iad a stopadh. Sa deireadh cuireann na náimhde seo ar rí nua na Peirse dlí a dhéanamh a stopfaidh an obair tógála.
Seacht mbliana déag tar éis do na hIosraelítigh teacht ó Bhaibealón, cuireann Iehobhah a fháithe Hagaí agus Zacairiá chucu chun a rá leo an tógáil a thosnú arís. Cuireann na daoine muinín i gcabhair Dé, agus tosaíonn siad ag tógáil arís, cé go bhfuil dlí ann a deireann nach ceart dóibh é a dhéanamh.
Friafaíonn oifigeach Peireach darb ainm Tatanaí de na hIosraelítigh cén cheart atá acu an teampall a thógáil. Deireann siad leis go ndúirt Rí Cíorais leo nuair a bhí siad i mBaibealón dul go Iarusailéim agus teampall Iehobhah a thógáil.
Cuireann Tatanaí litir go Baibealón ag fiafradh ar dhúirt Cíorais, atá marbh anois, é sin. Is gearr go dtagann litir ar ais ó rí nua na Peirse. Deireann sé go ndúirt Cíorais é. Mar sin scríobhann an rí: ‘Lig do na hIosraelítigh teampall a nDia a thógáil. Agus ordaím duitse cabhrú leo.’ Timpeall ceithre bliana a thógann sé an teampall a chríochnú. Tá na daoine an-sásta.
Imíonn tuilleadh blianta. Tá sé anois beagnach 48 bliain ó críochnaíodh an teampall. Tá na daoine i Iarusailéim bocht, agus ní bhreathnaíonn an chathair agus teampall Dé an-deas. I mBaibealón, cloiseann an t-Iosraelíteach Eazrá faoin ngá atá le caoi a chuir ar theampall Dé. Céard a dhéanann sé?
Téann Easzrá chuig Ar·ta·xarx’aes, rí na Peirse. Tugann an rí maith seo a lán bronntanais d’Eazrá le tabhairt ar ais go Iarusailéim. Iarrann Eazrá ar na hIosraelítigh i mBailbealón cabhrú leis. Deireann thart ar 6,000 acu go rachaidh siad leis. Tá a lán ór, airgead agus rudaí luachmhara eile ar iompar acu.
Tá Eazrá imníoch, mar tá drochfhir ar feadh an bhealaigh. B’fhéidir go dtógfaidís a gcuid ór agus airgead, agus go maróidís iad. Mar sin glaonn Eazrá na daoine ar fad le chéile, mar a fheiceann tú anseo. Ansin guíonn siad ag iarraidh ar Iehobhah iad a chosaint ar an turas fada ar ais go Iarusailéim.
Cosnaíonn Iehobhah iad. Tar éis ceithre mhí taistil, sroicheann siad Iarusailéim slán sábháilte. Nach dtaispeáineann sé seo go gcosnáionn Iehobhah iad siúd a chuireann a muinín ann?