CUID 5
An Géibheann i mBaibealón go dtí Atógáil Bhallaí Iarusailéim
Le linn dóibh a bheith i ngéibheann i mBailbealón, is minic a cuireadh creidamh na nIosraelíteach faoi thriáil. Caitheadh Sea’drac, Méiseac agus Aibéid’néagó isteach i sorn te tintrí, ach thóg Dia amach beo as iad. Níos deireanaí, tar éis do na Méidigh agus na Peirsigh Baibealón a chloí, teilgeadh Dainéil isteach i bpluais leoin, ach chosain Dia eiseann freisin tré bhéil na leon a dhúnadh.
Sa deireadh, lig an rí Peirseach, Cíorais, saor na hIsoraelítigh. D’fhill siad ar a dtír dhúchais díreach 70 bliain tar éis iad a thabhairt mar phríosúnaigh go Baibealón. Ceann de na chéad rudaí a rinne siad nuair a d’fhill siad ar Iarusailéim ná tosnú ar atógáil theampall Iehobhah. Is gearr gur chuir náimhde stop lena gcuid oibre, áfach. Mar sin bhí sé tuairim is 22 bliain tar éis dóibh filleadh ar Iarusailéim nuair a chríochnaigh siad an teampall ar deireadh thiar.
Ansin, foghlaimímid faoi thuras Eazrá ar ais go hIarusailéim chun an teampall a mhaisiú. Thárla sé seo 47 bliain tar éis tógáil an teampaill a bheith críochnaithe. Ansin, 13 bliain i ndiaidh aistear Eazrá, chabhraigh Nihimiá le atógáil bhallaí Iarusailéim a bhí leagtha síos. Clúdaíonn Cuid a CÚIG 152 bliain den stair síos go dtí an t-am úd.