SCÉAL 83
Ballaí Iarusailéim
TÁ GO leor oibre ar siúl anseo. Tá na hIosraelítigh cruógach ag tógáil bhallaí Iarusailéim. Nuair a scrios Rí Nabúcadnaz’ar Iarusailéim 152 bliain níos túisce, leag sé na ballaí agus dhóigh sé na geataí. Níor thóg na hIosraelítigh na ballaí arís go ceann tamall tar éis dóibh filleadh abhaile ó Bhaibealón.
Meastú cén chaoi ar mhothaigh na daoine ar feadh na mblianta seo ar fad gan aon bhallaí timpeall ar an gcathair. Níor mhothaigh siad sábháilte. B’fhurasta dá náimhde teacht isteach agus iad a ionsaí. Ach anois faoi dheireadh tá an fear seo Ni·hi·miá ag cabhrú leo na ballaí a thógáil arís.
Is Iosraelíteach é Ni·hi·miá, as cathair Súsa, áit a gcónaíonn Mor’de·cai agus Ester. D’oibrigh Ni·hi·miá i bpálás an rí, mar sin thárlódh sé go raibh sé ina chara ag Mor’de·cai agus an Bhanríon Ester. Ach ní dheireann an Bíobla gur oibrigh Ni·hi·miá d’fhear Ester, Rí Ais·iu·éaróis. D’oibrigh sé don rí a tháinig ina dhiaidh, Rí Ar·ta·xarx’aes.
Ba é Ar·ta·xarx’aes an rí maith a thug an méid sin airgid d’Eazrá le tabhairt go Iarusailéim chun caoi a chuir ar theampall Iehobhah, Ach níor thóg Eazrá ballaí briste na cathrach. Cén chaoi ar thárla sé go ndearna Ni·hi·miá an obair seo?
Tá sé trí bliana déag ó thug Ar·ta·xarx’aes an t-airgead d’Eazrá chun caoi a chuir ar an teampall. Tá Ni·hi·miá ina phríomh chornaire ag an rí anois. Ciallaíonn sé seo go dtugann sé a chuid fiona don rí, ag déanamh cinnte nach dtugann éinne nimh dó. Is obair thabhachtach í.
Lá amháin tugann deartháir Ni·hi·miá, Hanáiní, agus fir eile as Iosrael cuairt ar Ni·hi·miá. Insíonn siad dó faoi chruachás na n-Iosraelíteach, agus go bhfuil ballaí Iarusailéim briste síos go fóill. Cuireann sé seo buairt ar Ni·hi·miá agus guíonn sé chuig Iehobhah faoi.
Lá amháin fiafraíonn an rí de Ni·hi·miá: ‘Cén fáth go bhfuil tú chomh buartha?’ Insíonn Ni·hi·miá dó go bhfuil Iarusailéim i ndroch-chaoi agus go bhfuil na ballaí briste síos. ‘Céard atá tú ag iarraidh?’ fiafraíonn an rí.
’Lig dom dul go Iarusailéim,’ deireann Ni·hi·miá, ‘sa gcaoi is gur féidir liom na ballaí a thógáil.’ Tá Rí Ar·ta·xarx’aes an-chineálta. Tugann sé cead do Ni·hi·miá imeacht, agus cabhraíonn sé leis cuid den adhmad a fháil i gcóir na hoibre. I Iarusailéim, insíonn Ni·hi·miá do na daoine fach a bhfuil beartaithe aige. Is maith leo an smaoineamh, agus deireann siad: ‘Tosaímís ag tógáil.’
Ach deireann náimhde na n-Iosraelíteach: ‘Rachaimid suas, maróimid iad agus stopfaidh muid an obair tógála.’ Ach tugann Ni·hi·miá sleanna agus claimhte do na hoibrithe. Agus deireann sé: ‘Ná bíodh eagla oraibh rompu. Troidigí ar son bhur ndeartháireacha, bhur bpáistí, bhur mná agus bhur mbaile.’
Tá na daoine an-mhisniúil. Bíonn a n-airm réidh acu lá agus oíche, agus leanann siad den tógáil. I 52 lá tá na ballaí tógtha. Anois mothaíonn na daoine sábháilte sa gcathair. Múineann Eazrá agus Ni·hi·miá dlí Dé do na daoine, bíonn na daoine sona.
Ach níl rudaí fós mar bhí siad sular tógadh na daoine go Baibealón. Tá rí na Peirse ag rialú na ndaoine. Ach tá geallta ag Iehobhah go gcuirfidh sé rí nua chucu a thabharfaidh síocháin dóibh. Cé hé an rí seo? Cén chaoi a dtabharfaidh sé síocháin don domhan? Imíonn timpeall 450 bliain sula bhfoghlaimítear tuilleadh faoi seo. Ansin tárlaíonn breith páiste a bhfuil tabhacht léí. Ach sin scéal eile.