SCÉAL 82
Mordecai Agus Ester
TÉIMIS siar cúpla bliain sula ndeachaigh Eazrá go Iarusailéim. Is iad Mor’de·cai agus Ester na hIosraelítigh is mó le rá i ríocht na Peirse. Is í Ester an bhanríon, agus is é a huncail Mor’de·cai an duine is mó cumhachta seachas an rí. Féachaimís ar an gcaoi ar thárla sé seo.
Bhásaigh tuismitheoirí Ester agus í an-óg. Is é Mor’de·cai a thóg í. Tá pálás ag Ais·iu·éaróis, rí na Peirse, i gcathair Súsa, agus is duine dá shearbhóntai é Mor’de·cai. Lá amháin bhí bean an rí, Vaistí, easumhal dó, mar sin roghnaíonn an rí banríon nua. Cén bhean a roghnaíonn sé, meastú? Sea, Ester óg, álainn.
An bhfeiceann tú an fear mórchúiseach seo a bhfuil na daoine ag umhlú dó? Seo é Hámán. Is fear an-mhór le rá é i bPeirse. Tá Hámán ag iarraidh ar Mhor’de·cai atá ina shuí síos, umhlú dó freisin. Ach ní umhlóidh Mor’de·cai. Ceapann sé nach bhfuil sé ceart umhlú do dhrochfhear mar é. Cuireann sé seo fearg ar Hámán.
Insíonn Hámán bréaga faoi na hIosraelítigh don rí. ‘Is drochdhaoine iad nach gcomhlíonann ár ndlíthe,’ deireann sé. ‘Ba cheart iad a mharú.’ Níl fhios ag Ais·iu·éaróis gur Iosraelíteach í a bhean Ester. Mar sin éisteann sé le Hámán, agus déanann sé dlí a deireann go marófar na hIosraelítigh ar fad ar lá áirithe.
Nuair a chloiseann Mor’de·cai faoin dlí seo bíonn sé anbhuartha. Cuireann sé scéala chuig Ester: ‘Caithfidh tú é a rá leis an rí, agus impí air muid a shábháil.’ Tá sé in aghaidh an dlí i bPeirse an rí a fheiceáil gan cuireadh. Ach téann Ester isteach gan cuireadh. Síneann an rí amach a bhata óir chuici, rud a chiallaíonn nach marófar í. Tugann Ester cuireadh chun béile mór don rí agus do Hámán. Ansiúd fiafaíonn an rí d’Ester cén gar atá sí a iarraidh air. Deireann sí go n-inseoidh sí dó é má thagann seisean agus Hámán chuig béile eile an lá dar gcionn.
Ag an mbéile sin insíonn Ester don rí: ‘Tá mo mhuintir agus mé féin le marú.’ ‘Cé dhéanfadh a léithid?’ fiafraíonn an rí.
’Is é an fear, an námhad, ná Hámán anseo!’ deireann Ester.
Anois tá an-fhearg ar an rí. Ordaíonn sé go marófaí Hámán. Ansin déanann sé an duine is mó cumhachta seachas é féin de Mhor’de·cai. Féachann Mor’de·cai chuige ansin go ndéantar dlí nua a thugann cead do na hIosraelítigh troid lena mbeatha a chosaint ar an lá a bhfuil siad le marú. Mar go bhfuil Mor’de·cai ina fhear chomh mór le rá anois, tugann a lán daoine cúnamh do na hIosraelítigh, agus sábháltar iad óna náimhde.
Leabhar Ester 1-10 ón mBíobla.