Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 84
  • Cuairt Aingil ar Mhuire

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuairt Aingil ar Mhuire
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 84

SCÉAL 84

Cuairt Aingil ar Mhuire

MUIRE is ainm don bhean álainn seo, bean Iosraelíteach a chónaíonn i Naz’arat. Tá fhios ag Iehobhah gur bean fhónta í. Sin é an fáth gur chuir sé a aingeal Gaibriéil chuici. An bhfuil fhios agat céard atá le n-inseacht ag Gaibriéil do Mhuire?

‘Bíodh lúcháir ort, a dhuine a bhfuil gnaoi ort,’ deireann sé léí. ‘Tá Iehobhah leat.’ Ní fhaca Muire an pearsa seo cheanna riamh. Tá imní uirthí mar ní thuigeann sí a bhfuil ráite aige. Ach suaimhníonn Gaibriéil láithreach í.

‘Ná bíodh eagla ort,’ deireann sé. ‘Tá Iehobhah an-sásta leat. Tá se chun rud íontach a dhéanamh duit. Béidh páiste agat go luath. Agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.’

Míníonn Gaibriéil di: ‘Béidh an páiste seo mór, agus tabharfar Mac an Dia is Airde air. Déanfaidh Iehobhah rí de, mar a bhí i nDáibhí. Ach béidh Íosa ina rí go deo agus ní bhéidh deireadh lena ríocht choíche.’

‘Cén chaoi?’ fiafaíonn Muire. ‘Níl mé pósta fiú, mar sin cén chaoi ar féidir liom páiste a bheith agam?’

‘Tiocfaidh cumhacht Dé ort.’ Freagríonn Gaibriéil. ‘Mar sin tabharfar Mac Dé ar an bpáiste.’ Ansin deireann sé le Muire: ‘Cuimhnigh go ndúirt daoine go raibh do ghaol, Elisabét, ró-shean chun páistí a bheith aici. Ach is gearr anois go mbéidh mac aici. Mar níl ní ar bith nach bhfuil Dia in ann a dhéanamh.’

Láithreach deireann Muire: ‘Is mise ban-shearbhónta Iehobhah! Go ndéantar liom a bhfuil ráite agat.’

Téann Muire ar cuairt ag Elisabét. Nuair a chloiseann Elisabét glór Mhuire, léimeann an páiste ina broinn le lúcháir. Líontar Elisabét le spiorad Dé agus deireann sí le Muire: ‘Is beannaithe thú idir mhná.’ Fanann Muire timpeall trí mhí le Elisabét. Ansin téann sí abhaile go Naz’arat.

Tá Muire le pósadh le fear darb ainm Seosamh. Ach nuair a bhíonn fios ag Seosamh go bhfuil Muire le páiste a bheith aici, ceapann sé nach ceart dó í a phósadh. Ansin deireann aingeal Dé leis: ‘Ná bíodh eagla ort Muire a thógáil mar bhean. Mar is é Dia a thug mac di.’ Mar sin pósann Muire agus Seosamh, agus fanann siad le breith Íosa.

Lúcás 1:26-56; Matha 1:18-25.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn