SCÉAL 88
Baisteann Eoin Íosa
FEACH ar an gcolm ag teacht anuas ar chloigeann Íosa. Tá Íosa tuairim 30 bliain d’aois anois. Is é Eoin an fear atá in éineacht leis. D’fhoghlaim muid rud éicint faoisean cheanna. An cuimhin leat nuair a chuaigh Muire ar cuairt ag Elisabét, agus léim an páiste i mbroinn Elisabét le lúcháir? Ba é Eoin an páiste sin. Ach céard atá ar siúl ag Eoin agus Íosa anois?
Tá Eoin tar éis Íosa a thumadh in uisce abhainn na hIordáine. Mar seo a baistear duine. Ar dtús, tumtar faoin uisce é, ansin tugtar aníos arís é. Mar go ndéanann Eoin é seo le daoine, tugtar Eoin Baiste air. Ach cén fáth gur bhaist Eoin Íosa?
Rinne sé é mar gur iarr Íosa ar Eoin é a bhaisteadh. Baisteann Eoin daoine atá ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil brón orthu faoi na drochrudaí atá déanta acu. Ach an ndearna Íosa aon drochrud riamh go mbeadh brón air faoi? Ní dhearna, mar is é Íosa Mac Dé as na flaithis. Mar sin bhí cúis eile ag Íosa gur iarr sé ar Eoin é a bhaisteadh. Céard é an chúis sin?
Sula dtáinig Íosa anseo chuig Eoin, bhí sé ina shiúninéir. Séard é siúinéir ná duine a dhéanann rudaí as adhmad, mar boird, cathaoireacha agus binsí. Ba siúinéir é Seosamh, fear Mhuire, agus mhúin sé an chéird d’Íosa freisin. Ach níor chuir Iehobhah a Mhac ar an talamh le bheith in shiúinéir. Tá obair speisialta aige dó, agus tá an t-am tagtha le go dtosádh Íosa air. Le taispeáint go bhfuil sé tagtha chun toil a Athar a dhéanamh, iarrann Íosa ar Eoin é a bhaisteadh. An nglacann Dia leis seo?
Sea, glacann, mar tar éis d’Íosa teacht aníos as an uisce, deireann glór as na flaithis: ‘Seo é mo Mhac, a bhfuil mé sásta leis.’ Freisin is cosúil go n-osclaíonn na flaithis suas agus go dtagann an colm seo anuas ar Íosa. Ach ní colm atá ann i ndáiríre ach spiorad naofa Dé.
Anois tá a lán macnamh le déanamh ag Íosa, mar sin imíonn sé go dtí ait uaigneach ar feadh 40 lá. Tagann Sátan chuige ansiúd. Trí huaire triáileann Sátan cuir ar Íosa rud atá in aghaidh dlíthe Dé a dhéanamh. Ach ní dhéanfaidh Íosa é.
Ina dhiaidh sin, filleann Íosa agus casann sé le roinnt fir a bhéas mar chéad lucht leanúna nó deisceabail aige. Cuid acu siúd is ea Aindrias, Peador (nó Síomóin), Pilib, agus Na·tan’ael (nó Parthalán). Imíonn Íosa agus na deisceabail nua seo go dtí ceantar Ghaililí. Ansiúd stopann siad ag baile dúchais Na·tan’ael, Cána. Ag bainis i gCána a dhéanann Íosa a chéad mhíorúilt nuair a dhéanann sé fíon den uisce.