Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 74 lth. 176-lth. 177 alt 4
  • Baisteann Eoin Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Baisteann Eoin Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Baisteann Eoin Íosa
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Réitíonn Eoin an Bealach
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 74 lth. 176-lth. 177 alt 4
Tagann spiorad Dé anuas ar Íosa i riocht Choilm tar éis d’Eoin é a bhaisteadh

CEACHT 74

Baisteann Eoin Íosa

Bhí Eoin ag fógairt: ‘Tá duine ag teacht ar mó le rá é ná mise.’ Nuair a bhí Íosa thart ar 30 bliain d’aois, tháinig sé ón nGailíl go dtí Abhainn na hIordáine, áit a raibh Eoin ag baisteadh daoine. D’iarr Íosa ar Eoin é a bhaisteadh, ach dúirt Eoin leis: ‘Cén fáth a mbaistfeadh mise thusa? Nach leatsa mise a bhaisteadh.’ Dúirt Íosa le hEoin: ‘Tá Iehova ag iarraidh ort mé a bhaisteadh.’ Mar sin chuaigh siad amach in Abhainn na hIordáine, agus thum Eoin Íosa faoin uisce.

Tar éis d’Íosa a theacht aníos as an uisce, dúirt sé paidir. D’oscail na flaithis, agus tháinig spiorad Dé anuas air i riocht choilm. Ansin labhair Iehova ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Nuair a tháinig spiorad Iehova anuas ar Íosa déanadh an Críost, nó an Meisias, de. Bhí sé réidh chun tosú ar an obair a bhí leagtha amach ag Iehova dó.

Díreach tar éis a bhaiste, chaith Íosa 40 lá sa bhfásach. Nuair a d’fhill sé thug sé cuairt ar Eoin. Nuair a chonaic Eoin Íosa ag teacht ina threo, dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.” Bhí Eoin ag tabhairt le fios do na daoine gurbh é Íosa an Meisias. An bhfuil a fhios agat céard a tharla d’Íosa nuair a bhí sé sa bhfásach? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Tháinig glór ó na flaithis: ‘Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.’”—Marcas 1:11

Ceisteanna: Cén fáth ar baisteadh Íosa? Cén fáth a ndúirt Eoin gurbh é Íosa Uan Dé?

Matha 3:13-17; Marcas 1:9-11; Lúcás 3:21-23; Eoin 1:29-34; Íseáia 42:1; Eabhraigh 10:7-9

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn