Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 105
  • Ag Fanacht i Iarusailéim

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ag Fanacht i Iarusailéim
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Thuirling an Spiorad Naomh ar na Deisceabail
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Íosa ins na Flaithis
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • “Líonadh Iad go Léir Den Spiorad Naomh”
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 105

SCÉAL 105

Ag Fanacht i Iarusailéim

SEO iad lucht leanúna Íosa. Rinne siad a chomhairle agus d’fhan siad i Iarusailéim. Agus le linn dóibh ar fad a bheith ag fanacht i gcuideachta a chéile, líonann torann mór an teach ar fad. Tá sé cosúil le séideadh gaoithe móire. Ansin tagann teangacha tine ar chloigne gach duine de na deisceabail. Céard a chiallaíonn sé seo ar fad?

Is míorúilt é! Tá Íosa ar ais sna flaithis in éineacht lena Athair, agus tá sé ag dóirteadh amach spiorad naofa Dé ar a lucht leanúna. Cuireann an spiorad seo orthu labhairt i dteangacha éagsúla.

Cloiseann mórán daoine i Iarusailéim an torann ar nós gaoithe móire, agus tagann siad go bhfeicfidh siad céard atá ag tárlú. Is as náisíún eile roinnt de na daoine. Tá siad tagtha i gcomhair féile Iosraelíteach na Cincíse. Nach orthu a cuirtear an t-íontas! Cloiseann siad na deisceabail ag labhairt ina dteangacha féin faoi na rudaí íontacha atá déanta ag Dia.

‘Is as Gaililí na daoine seo ar fad,’ deireann na cuairteoirí. ‘Cén chaoi mar sin go bhfuil siad in ann labhairt i dteangacha éagsúla na dtíortha a dtagann muide astu?’

Seasann Peadar suas anois chun míniú dóibh faoin gcaoi ar maraíodh Íosa agus ar thóg Iehobhah ón mbás é. ‘Anois tá Íosa sna flaithis ar láimh dheas Dé,’ deireann Peadar. ‘Agus dhóirt sé amach an spiorad naofa a gealladh. Sin é an fáth go bhfaca sibh agus gur chuala sibh na míorúiltí seo.’

Bhuel, nuair a deireann Peadar na rudaí seo, bíonn brón ar a lán daoine faoin rud a déanadh le Íosa. ‘Céard a dhéanfaidh muid?’ fiafraíonn siad. Deireann Peadar leo: ‘Ní mór daoibh bhur saol a athrú agus baisteadh a fháil.’ Ar an lá céanna sin baistear timpeall 3,000 duine déantar lucht leanúna Íosa díobh.

Gníomhartha 2:1-47.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn