SCÉAL 109
Peadar Agus Cornelius
SIN é an t-aspal Peadar agus cuid dá cháirde. Ach cén fáth a bhfuil an fear sin ag umhlú dó? An ceart dó é sin a dhéanamh? An bhfuil fhios agat ce hé féin?
Is é Cornelius an fear. Is oifigeach airm Rómhánach é. Níl aon aithne ag Cornelius ar Pheadar, ach dúradh leis cuireadh a thabhairt dó chuig a theach. Cén chaoi ar thárla sé seo?
Ba Giúdaigh iad na chéad deisceabail a bhí ag Íosa, ach ní Giúdach é Cornelius, Ach tá grá aige do Dhia, guíonn sé chuige, agus déanann sé a lán rudaí cineálta do dhaoine. Tráthnóna amháin tagann aingeal chuige a deireann: ‘Tá Dia chun do phaidreacha a fhreagairt. Cuir roinnt fir chun fear ar a dtugtar Peadar a fháil. Tá sé ag fanact i dteach Shíomóin i Ioppa.’
Láithreach cuireann Cornelius fir ag lorg Pheadair. Lá arna mhárach, nuair a bhíonn na fir ag druidim le Ioppa, bíonn Peadar ar dhíon cothrom tigh Shíomóin. Ansiúd cuireann Dia ar Pheadar a cheapadh go bhfeiceann sé éadach ag teacht anuas as na flaithis. Ins an éadach tá gach cineál ainmhithe. De réir dlí Dé ní raibh na hainmhithe seo glan mar bhia. Ach deireann glór: ‘Éirigh, a Pheadair agus ith.’
‘Ní íosfaidh!’ freagraíonn Peadar. ‘Níor ith mé riamh an rud neamhghlan.’ Ach deireann an glór: ‘Ná bí ag tabhairt neamhghlan ar an rud a ndeireann Dia go bhfuil sé glan anois.’ Trí huaire a thárlaíonn sé seo. Ansin sroicheann na fir ó Chornelius an teach agus cuireann siad tuairisc Pheadair.
Téann Peadar síos staighre agus deireann sé: ‘Is mise an té atá uaibh. Cén fáth go dtáinig sibh?’ Nuair a mhíníonn na fir go ndúirt aingeal le Cornelius cuireadh a thabhairt do Pheadar chuig a theach, bíonn Peadar sásta dul leo. Lá arna mhárach fágann Peadar agus a cháirde chun cuairt a thabhairt ar Chornelius.
Nuair a thagann Peadar go Céasaráia, buaileann Cornelius leis. Titeann sé agus umhlaíonn sé ag a chosa. Ach deireann Peadar leis: ‘Éirigh; níl ionamsa ach fear.’ Taispeáineann an Bíobla nach bhfuil sé ceart umhlú síos agus fear a adhradh. Ní ceart a adhradh ach Iehobhah amháin.
Craobhscaoileann Peadar dóibh siúd atá cruinnithe. ‘Feicim go nglacann Dia gach duine ar mian leo freastal air,’ deireann Peadar. Le linn dó a bheith ag caint, cuireann Dia anuas a spiorad naofa, agus tosaíonn na daoine ag labhairt i dteangacha éagsúla. Cuireann sé seo íontas ar na deisceabail Giúdacha mar cheap siad nach raibh bá ag Dia ach leis na Giúdaigh amháin. Múineann sé seo dóibh nach fearr cine amháin na cine eile i súile Dé. Nach ceart dúinn ar fad cuimhneamh ar sin?