Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 97 lth. 226-lth. 227 alt 2
  • Faigheann Coirnéilias an Spiorad Naomh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Faigheann Coirnéilias an Spiorad Naomh
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Peadar Agus Cornelius
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Níl “Fabhar ag Dia le Duine Amháin Seachas Duine Eile” (nwt)
    “Bearing Thorough Witness” About God’s Kingdom
  • Is Féidir Leat a Bheith Buanseasmhach, Cosúil le Peadar
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 97 lth. 226-lth. 227 alt 2
Cuireann Coirnéilias fáilte roimh Pheadar isteach ina theach

CEACHT 97

Faigheann Coirnéilias an Spiorad Naomh

Bhí oifigeach airm Rómhánach, darbh ainm Coirnéilias, ina chónaí i gCéasaráia. Cé nár Ghiúdach a bhí ann, bhí an-mheas ag na Giúdaigh air. Chabhraigh sé go flaithiúil leis na boicht. Chreid Coirnéilias in Iehova agus bhíodh sé ag guí de shíor chuige. Lá amháin tháinig aingeal go dtí Coirnéilias agus dúirt sé: ‘Tá do phaidreacha cloiste ag Dia. Anois, cuir fios ar Pheadar atá i gcathair Iopae.’ Chuir Coirnéilias triúr fear go dtí Iopae, áit a bhí timpeall is 30 míle ó dheas de Chéasaráia, chun labhairt le Peadar.

Idir an dá linn bhí fís ag Peadar in Iopae. Chonaic sé ainmhithe nach raibh cead ag na Giúdaigh a ithe, agus chuala sé glór ag rá leis iad a ithe. Ach dhiúltaigh Peadar, ag rá: ‘Níor ith mé aon ainmhí a bhí neamhghlan riamh.’ Dúirt an glór leis ansin: ‘Ná bí ag rá go bhfuil an rud atá glanta ag Dia neamhghlan.’ Ansin, dúradh le Peadar: ‘Tá triúr fear ag do dhoras. Téigh in éineacht leo.’ Chuaigh Peadar go dtí an doras agus d’fhiafraigh sé de na fir cén fáth a raibh siad ann. D’fhreagair siad: ‘Chuir Coirnéilias, oifigeach airm Rómhánach, chugat muid. Tá ort a theacht go dtína theach i gCéasaráia.’ Thug Peadar cuireadh dóibh fanacht thar oíche in éineacht leis. Lá arna mhárach, chuaigh sé leo go Céasaráia, agus chuaigh bráithre ó Iopae in éineacht leo.

Nuair a chonaic Coirnéilias Peadar, chuaigh sé síos ar a ghlúine. Ach dúirt Peadar: ‘Éirigh! Níl ionam ach fear ar nós tú féin. Dúirt Dia liom a theacht chugat cé nach dtéann na Giúdaigh isteach i dtithe na nGintlithe. Inis dom le do thoil, cén fáth ar chuir tú fios orm.’

Dúirt Coirnéilias le Peadar: ‘Ceithre lá ó shin bhí mé ag guí chun Dé agus dúirt aingeal liom fios a chur ort. Múin briathra Iehova dúinn le do thoil.’ Dúirt Peadar: ‘Tá sé foghlamtha agam nach bhfuil Dia claonta. Glacann sé le duine ar bith atá ag iarraidh é a adhradh.’ Mhúin Peadar go leor faoi Íosa do Choirnéilias agus dóibh siúd a bhí in éineacht leis. Ansin tháinig an spiorad naomh orthu, agus baisteadh iad go léir.

“Cibé duine a thugann ómós [do Dhia] agus a dhéanann an ceart, [is] taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.”—Gníomhartha 10:35

Ceisteanna: Cén fáth ar dhiúltaigh Peadar ainmhithe neamhghlana a ithe? Cén fáth a ndúirt Iehova le Peadar dul go dtí teach a raibh Gintlithe ina gcónaí ann?

Gníomhartha 10:1-48

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn